You also want an ePaper? Increase the reach of your titles
YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.
277

278

279

280

281

Cliseadh feithiclíagusteagmhaistráchta

Mura dtig leat d’fheithicil a bhogadh go dtí an ghualainn

chrua

• ná déan iarracht aon ghléas rabhaidh a chur ar an

charrbhealach

• cuir air na solise guaise

• ná fág d’fheithicil go dtí go bhfuil tú ábalta bheith ar shiúl

ón charrbhealach.

Tiománaithe faoi mhíchumas. Má tá tú faoi mhíchumas a

chuireann bac ort cloí leis an chomhairle thuas ba chóir duit

• fanacht i d’fheithicil

• na solise guaise a chur air

• bratainn ‘Cuidigh’ a thaispeáint nó má tá guthán cairr

nó póca agat teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí

éigeandála agus bheith réidh le hiad a chur ar an eolas

maidir le cá háit go díreach a bhfuil tú.

Baic

Má thiteann rud ar bith ó d’fheithicil (nó ó aon fheithicil eile)

ar an bhóthar, ná stop lena fháil ar ais ach amháin má bhíonn

sé sábháilte.

Mótarbhealaí. Ar mhótarbhealach ná déan iarracht an bac

a bhogadh tú féin. Stop ag an chéad ghuthán éigeandála eile

agus cuir scairt ar na póilíní.

Teagmhais tráchta

Comharthaí rabhaidh nó soilse gealánacha. Má

fheiceann tú nó má chluineann tú éigeandáil nó feithiclí

tacaíochta teagmhais i bhfad uait bíodh a fhios agat go

bhféadfadh teagmhas tráchta bheith ann romhat (féach Riail

219). D'fhéadfadh póilíní agus oifigigh na Serbhíse Bóithre

bheith de dhíth le hoibriú ar an charrbhealach, mar shampla

ag déileáil le smionagar, imbhuailtí nó ag blocáil an bhóthair

anseo is ansiúd. Úsáidfidh póilíní soilse gealánacha dearga

agus gorma, aghaidh ar chúl, sna cásanna sin. Coinnigh

súil in airde le haghaidh comharthaí mar sin, moilligh agus

bí réidh le stopadh. NÍ MÓR duit cloí le treoracha ar bith a

thugann póilíní maidir le cé acu a thig nó nach dtig leat dul

thar an teagmhas nó an bac go sábháilte.

Dlíthe RTO 1995 Airteagal 49 & RTO 1981 Airteagal 180

93 �