Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
204

205

206

Úsáideoirí bóithre a bhfuil

cúram breise de dhíth orthu

Is iad na coisithe, rothaithe, gluaisrothaithe agus marcaigh

na húsáideoirí bóithre is soghortaithe. Tá sé thar a bheith

tábhachtach páistí, daoine scothaosta agus daoine faoi

mhíchumas a choimhéad, mar aon le tiománaithe faoi oiliúint

agus tiománaithe ar bheagán taithí.

Coisithe

Tá baol ann go siúlfaidh coisithe, go háirithe páistí, amach

ar an bhóthar gan choinne. Ba chóir duit smaoineamh ar

shábháilteacht leanaí i gcónaí agus tú ag tiomáint agus ar

luas atá fóirsteanach do na coinníollacha tiomána.

Tiomáin go cúramach agus go mall sna cásanna seo

a leanas

• i sráideanna plódaithe siopadóireachta, Sráideanna

Cónaithe agus Lánaí Ciúine (féach Riail 218) nó ceantair

chónaithe

• ag tiomáint thar stopanna bus agus tram; d’fhéadfadh

coisithe teacht amach ar an bhóthar go tobann

• ag dul thar fheithiclí atá páirceáilte, go háirithe veaineanna

uachtair reoite; bíonn níos mó suime ag páistí in uachtar

reoite ná sa trácht agus d’fhéadfadh siad rith amach ar an

bhóthar gan choinne

• nuair a bhíonn ort cosán, lána rothar nó raon rothar a

thrasnú; mar shampla le cabhsán a bhaint amach. Géill

slí do choisithe ar an chosán agus do rothaithe ar an lána

rothar nó raon rothar

• nuair a bhíonn tú ag cúlú isteach i dtaobh-bhóthar; amharc

mórthimpeall na feithicle agus géill slí d’aon choisí atá ag

trasnú an bhóthair a bhfuil tusa ag casadh isteach ann

agus é/í ar an bhóthar cheana féin

• nuair a bhíonn an cosán druidte de bharr deisiú bóthair

agus treoraítear coisithe leis an bhóthar a úsáid

• nuair a bhíonn tú ag druidim le coisithe ar bhóithre cúnga

tuaithe gan chosán. Moilligh i gcónaí agus bí réidh le

stopadh más gá, ag tabhairt neart spáis dóibh agus tú ag

tiomáint thart leo.

70 �