02.10.2012 Views

highway-code-irish

highway-code-irish

highway-code-irish

SHOW MORE
SHOW LESS

Create successful ePaper yourself

Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.

231

232

233

• bí cúramach agus tú ag scoitheadh feithiclí atá ag leathadh

salainn nó dí-oighreora eile, go háirithe má tá tú ar

ghluaisrothar nó ar rothar

• coimhéad céachtaí sneachta a d’fhéadfadh sneachta a

chaitheamh amach ar cheachtar taobh. Ná scoith iad

murar glanadh an lána atá tú ag iarraidh a úsáid

• bí réidh le haghaidh athruithe i ndálaí an bhóthair thar

achair measartha gairid

• éist le míreanna nuachta taistil agus tabhair d’aird ar

chomharthaí inathraithe a d’fhéadfadh eolas a thabhairt

faoi chúrsaí aimsire, bail an bhóthair agus cúrsaí tráchta

romhat.

Tiomáin go han-chúramach nuair a bhíonn na bóithre

oighreata. Seachain aon rud a d'fhéadfadh cur isteach ort

féin agus do smacht ar an fheithicil a chailleadh. Ba chóir duit

• tiomáint ar luas íseal i ngiar chomh hard agus is féidir;

luasghéaraigh agus coisc go bog

• tiomáin go han-chúramach ar chorthaí, áit arbh fhusa

smacht a chailleadh. Coisc de réir a chéile ar an bhóthar

dhíreach sula mbaineann tú cortha amach. Agus tú ag

taisteal níos moille, stiúir go socair thar an chortha, ag

seachaint gluaiseachtaí tobanna

• seiceáil do ghreim ar dhromchla an bhóthair nuair a bhíonn

sneachta nó oighear ann trí áit shábháilte a roghnú le cosc

go bog. I gcás go mothaíonn tú nach bhfuil an gaireas

stiúrtha ag oibriú mar is ceart b’fhéidir go mbeadh oighear

ann agus b’fhéidir go mbeadh d’fheithicil ag cailleadh a

greama ar an bhóthar. Nuair a bhíonn feithicil ag taisteal ar

leac oighir, is beag torann a dhéanann na boinn.

Aimsir ghaofar

Cuireann aimsir ghaofar isteach ar fheithiclí taobharda níos

mó ná mar a chuireann ar fheithiclí eile, ach tig le séideáin

láidre carr, rothaí, gluaisrothaí nó marcach a shéideadh as a

chúrsa. Tig leis sin tarlú ar phíosaí oscailte den bhóthar atá

nochta ag trasghaotha láidre, nó nuair a bhíonn tú ag dul thar

dhroichid nó thar bhearnaí sna fálta.

Má bhíonn sé an-ghaofar d’fhéadfadh an tsuaiteacht a

chruthaíonn feithiclí eile cur isteach ar d’fheithicil féin.

Baineann an fhadhb sin le gluaisrothaithe go háirithe, mar sin

coinnigh giota maith ar shiúl uathu agus iad ag scoitheadh

feithicil thaobhard.

78 �

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!