Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
130

131

Riail 132

Marcálann

stodaí

frith -

chaiteacha

bóthair lánaí

agus imill an

charr -

bhealaigh

132

Limistéir de stríoca bána trasnánacha nó rachtáin

atá péinteáilte ar an bhóthar. Tá siad ann le lánaí tráchta a

scaradh nó le cosaint a thabhairt do thrácht atá ag casadh

ar dheis.

• Má tá líne bhán bhriste thart ar an limistéar, níor chóir duit

dul isteach sa limistéar ach amháin má tá gá leis agus is

feidir leat a fheiceáil go bhfuil sé sábháilte a dhéanamh

• Má tá an limistéar marcáilte le rachtáin agus tá línte atá

iomlán bán thart air, NÍ MÓR duit GAN dul isteach ann,

ach amháin i gcás éigeandála

Dlíthe RTO 1995 Airteagal 50, TSR rialachán 8

Roinnteoirí lánaí. Is línte gairide bána iad seo a úsáidtear ar

charrbhealaí leathana le hiad a roinnt ina lánaí. Ba chóir duit

coinneáil eatarthu.

Is féidir stodaí frithchaiteacha bóthair bheith in úsáid le línte

bána

• Marcálann stodaí bána na lánaí nó lár an bhóthair

• Marcálann stodaí dearga imeall clé an bhóthair

• Marcálann stodaí ómracha lárthearmann débhealaigh nó

mótarbhealaigh

• Marcálann stodaí glasa imeall an phríomh-charrbhealaigh

ag leataobhanna agus ag sliosbhóithre

• Léiríonn stodaí glasa/buí go bhfuil coigeartuithe

sealadacha ann ar leagan amach lánaí m.sh. áit a bhfuil

oibreacha bóthair ar siúl.

44 �