You also want an ePaper? Increase the reach of your titles
YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.
92

93

94

95

Rialacha dothiománaitheagusdoghluaisrothaithe

• pleanáil do thuras le go mbeidh tú ábalta neart sosanna a

ghlacadh. Moltar gur chóir sos de 15 nóiméad ar a laghad

a ghlacadh i ndiaidh gach dhá uair an chloig tiomána

• má bhíonn codladh ort stop in áit shábháilte. Ná stop ar an

ghualainn chrua de mhótarbhealach

• �le dul i ngleic le fonn codalta thiocfadh leat dhá chupán

caife le caiféin a ól agus néal gairid a chodladh (suas le 15

nóiméad).

Amharc. NÍ MÓR duit bheith ábalta cláruimhir feithicle

a léamh, le solas geal an lae, ó fhad 20 méadar (nó 20.5

méadar, áit a bhfuil seanstíl an uimhirchláir in úsáid). Más

gá duit spéaclaí (nó lionsaí tadhaill) a chaitheamh leis seo

a dhéanamh NÍ MÓR duit iad a chaitheamh an t-am ar fad

agus tú ag tiomáint. Tá de chumhacht ag na póilíní ceanglas

a chur ar thiománaí tástáil súl a dhéanamh.

Dlíthe RTO 1981 Airteagal 154, MV(DL)R rialachán 29 & sceideal 7 &

MVDL(A)R

Moilligh agus stop más gá má tá solas geal na gréine do do

dhalladh.

San oíche nó nuair a bhíonn drochsholas ann, ná húsáid

spéaclaí, lionsaí nó scáthláin imire má chuireann siad isteach

ar radharc na súl.

Alcól agus drugaí

Ná tiomáin faoi thionchar an óil mar go gcuireann sé

isteach go mór ar d’ábaltacht le breithiúnas a dhéanamh agus

ar do chumais. NÍ MÓR duit GAN tiomáint le leibhéal alcóil

san anáil atá níos airde ná 35 micreagram/100 millilítear d’anáil

nó leibhéal alcóil san fhuil níos mó ná 80 milleagram/100

millilítear fola. Déanann alcól na nithe seo a leanas:

• tugann sé leibhéal bréagach muiníne duit

• �laghdaíonn sé comhord agus moillíonn sé

frithghníomhuithe

• cuireann sé isteach ar do chumas luas, fad agus riosca a

mheas

• �laghdaíonn sé do chumas tiomána, fiú má tá tú faoin

teorainn dhleathach

• glacann sé am imeacht ó do cholainn; b’fhéidir nach

mbeifeá in ann tiomáint sa tráthnóna i ndiaidh duit bheith

ag ól ag am lóin, nó ar maidin i ndiaidh duit bheith ag ól an

oíche roimh ré.

29 �