You also want an ePaper? Increase the reach of your titles
YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.
51

52

53

Rialacha faoiainmhithe

Riail 50

Cuidigh le

daoine eile

tú a fheiceáil

San oíche. Tá sé níos sábháilte gan dul ag marcaíocht san

oíche nó i ndrochsholas, ach má dhéanann tú é, cinntigh go

bhfuil bandaí frithchaiteacha le feiceáil ar do chapall os cionn

ailt an rúitín. Ba chóir go mbeadh solas bán chun tosaigh

agus solas dearg ar chúl feistithe le banda ar ghéag agus/nó

ar chos dheas/bhuatais mharcaíochta an mharcaigh. Má tá tú

ag cinnireacht capaill san oíche, iompair solas i do lámh dheas

agus taispeáin solas bán chun tosaigh agus solas dearg ar

chúl agus cinntigh go bhfuil éadaí frithchaiteacha ortsa agus

ar do chapall araon. Moltar go láidir gur chóir do do chapall

cosaint eireabaill fhrithchaitigh/fhluaraisigh a chaitheamh.

Marcaíocht

Sula dtugann tú capall ar an bhóthar ba chóir duit

• a chinntiú go bhfuil an airnéis chapaill feistithe go maith

agus go bhfuil bail mhaith uirthi

• a chinntiú go dtig leat an capall a smachtú.

Marcaigh le capaill eile i gcónaí, nach bhfuil chomh

neirbhíseach sin má shíleann tú go mbeidh do chapall

neirbhíseach i láthair tráchta. Ná marcaigh capall gan diallait

agus srian.

Sula dtéann tú a mharcaíocht nó sula dtiontaíonn tú, amharc

ar do chúl i gcónaí lena chinntiú go bhfuil sé sábháilte. Ansin,

tabhair comhartha soiléir láimhe. Agus tú ag marcaíocht ar

an bhóthar ba chóir

• fanacht ar thaobh na láimhe clé

• an dá lámh a choinneáil ar na srianta ach amháin má tá tú

ag tabhairt comhartha

• an dá chos a choinneáil sna stíoróipí

19 �