Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
213

214

215

216

217

Úsáideoirí bóithreabhfuilcúrambreisededhíthorthu

B’fhéidir go mbeadh ar ghluaisrothaithe agus ar rothaithe

na nithe seo a leanas a sheachaint go tobann: dromchlaí

neamhchothroma agus bacainní ar nós clúdaigh draenacha

nó paistí olacha, fliucha nó oighreata ar an bhóthar. Tabhair

neart spáis dóibh agus bí thar a bheith faichilleach i gcás go

gcaithfidh siad treo a athrú go gasta.

Úsáideoirí bóithre eile

Ainmhithe. Agus tú ag dul thart le hainmhithe, tiomáin go

mall. Tabhair neart spáis dóibh agus bí réidh le stopadh. Ná

scanraigh ainmhithe trí do bhonnán a shéideadh, d’inneall a

reibheáil, nó luasghearú go gasta a luaithe agus a théann tú

thart leo. Coimhéad ainmhithe atá á dtreorú, á dtiomáint nó

á marcaíocht ar an bhóthar agus bí an-chúramach ar fad.

Coinnigh do luas íseal ag corthaí agus ar bhóithre cúnga

tuaithe. Má tá bóthar blocáilte ag tréad ainmhithe, stop agus

cuir as d'inneall go dtí go bhfuil siad ar shiúl ón bhóthar.

Coimhéad ainmhithe ar bhóithre gan fhál.

Marcaigh agus feithiclí capalltarraingthe. Bí thar

a bheith cúramach agus tú ag scoitheadh capall agus

feithiclí capalltarraingthe. Coinnigh amach ó na feithiclí

agus tú ag scoitheadh agus déan go mall é i gcónaí. Is

minic a bhíonn páistí ag marcaíocht capall, mar sin bí thar a

bheith cúramach agus cuimhnigh go bhféadfadh marcaigh

marcaíocht taobh le taobh i mbeirteanna agus iad ag dul

in éineacht le capall nó le marcach nach bhfuil mórán taithí

aige/aici. Coimhéad comharthaí marcach agus comharthaí

lucht tiomána capall agus tabhair aird ar iarratas le moilliú

nó le stopadh. Bí an-chúramach agus glac le gach capall

mar a bheadh guais ann; ní féidir dul ina muinín in ainneoinn

iarrachtaí an mharcaigh/tiománaí.

Tiománaithe breacaosta. D’fhéadfadh a gcuid freagairtí

bheith níos moille ná tiománaithe eile. Cuir sin san áireamh.

Tiománaithe faoi oiliúint agus tiománaithe gan mórán

taithí. B’fhéidir nach mbeadh siad chomh sciliúil sin ó

thaobh eachtraí a réamh-mheas agus freagairt dóibh. Bí thar

a bheith foighneach le tiománaithe faoi oiliúint, le tiománaithe

srianta agus le tiománaithe óga. Tá ceanglas ar thiománaithe

R-phlátaí a thaispeáint ar feadh bliana i ndiaidh dóibh a triail

a phasáil, gan aon tréimhse dícháilithe nó cúlghairme a chur

san áireamh (féach Iarscríbhinn 8 - Cód Sábháilteachta do

Thiománaithe Nua).

73 �