04.02.2014 Views

CISTe-ceoil

CISTe-ceoil

CISTe-ceoil

SHOW MORE
SHOW LESS

Create successful ePaper yourself

Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.

AN TUIRNÍN LÍN

Loinnir ón ngealach ag cur leis an niamh,

Taobh leis an bhfuinneog tá Eibhlín ag sníomh;

Mamó go suanmhar ag cniotáil cois tine,

Cromtha ’gus dall is ag crónán le binneas.

“Eibhlín, a stóirín, tá cnag ar an bhfuinneog.”

“Sé ’n t-eidhneán, a Mhamó, á shéideadh mar dhuilleog.”

“Eibhlín, ar m’anamsa, cloisimse osna.’

“Siod é siosarnach gaoithe, a Mhamó, sa bhrosna.”

Callánach croíúil ceolmhar gan chliseadh

Castar an tuirne le fuinneamh na coise;

Álainn is aigeanta, aerach is aoibhinn –

An bhruinneall ag canadh go caoin lena faí bhinn.

“Cén trup sin a chloisimse lasmuigh den fhuinneog?”

“Tá, éanlaith, a Mhamó, ag canadh i loinneog.”

“Cén chúis ’tá led bhogadh ’s led chorraí id’ stóilín

’S led’ rá bunoscionn an tseanamhráin, An Cúlfhionn?”

Tá ’n leannán cois comhla is labhrann go béalbhinn:

“Cogar, a chailín, is téana, a Eibhlín!

Éirigh den stóilín ’s amach tríd an gcrannaíl –

Amach linn sa gharrán ag siúl faoi na crannaibh.”

Éiríonn an ainnir, a méar lena beoilín,

Éiríonn den stóilín, ach fanann go fóillín;

Amharcann faoi rún ar an tseanmháthair mhuirneach,

Cuireann cos leis an stóilín is cos leis an tuirne.

Go réidh is go liosta, go mall is go suaimhneach

Casann an tuirne go héasca ’s go luaimneach;

Go ciúin is go héadrom ’sea léimeann an bhruinneall –

An leannán ag feitheamh, gan corraí, ar tinneall.

104

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!