04.02.2014 Views

CISTe-ceoil

CISTe-ceoil

CISTe-ceoil

SHOW MORE
SHOW LESS

Create successful ePaper yourself

Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.

SEÁN Ó DUIBHIR AN GHLEANNA

Ar m'éirí dhom ar maidin,

Grian an tsamhra' ag taitneamh,

Chuala an uaill á casadh

Agus ceol binn na n-éan,

Broic is míolta gearra,

Creabhair na ngoba fada,

Fuaim ag an macalla,

Is lámhach gunnaí tréan,

An sionnach rua ar an gcarraig,

Míle liú ag marcaigh,

Is bean go dubhach sa mbealach

Ag áireamh a cuid gé.

Anois tá an choill á gearradh,

Triallfaimid thar chaladh,

Is a Sheáin Uí Dhuibhir an Ghleanna,

Tá tú gan ghéim.

Is é sin m'uaigneas fada,

Scáth mo chluas á ghearradh,

An ghaoth aduaidh 'om leathadh

Agus bás ins an spéir,

Mo ghabhairín suairc á cheangal,

Gan cead lúith ná aistíocht',

Do bhainfeadh gruaim den leanbh

I meán ghile an lae.

Croí na n-uaisle ar an gcarraig,

Go céafrach buacach beannach,

A thiocfadh suas ar aiteann

Go lá deire an tsaoil;

Is dá bhfaighinnse suaimhneas tamall

Ó dhaoine uaisle an bhaile,

Thriallfainn suas go Gaillimh

Is d'fhágfainn an scléip.

Táid feara i nGleann an tSrotha

Gan ceann ná teann ar lochtaibh;

I Sráid na gCuach ní mholtar

A sláinte ná a saol.

Mo lomadh Luain gan foscadh

Ó Chluain go Stuaic na gColm,

'S an giorria ar bhruach an rosa

Ar fán lena ré.

Créad í an ruaig seo ar fhearaibh

Bualadh, buanadh is cártadh,

An smóilín binn is an londubh

Gan sárghuth ar ghéig ?

Is gur mór an tuar chun cogaidh,

Cléir go buartha is pobal

Á seoladh i gcuanta loma

I lár ghleanna an tsléibhe.

Is é mo róchreach mhaidne

Nach bhfuair mé bás gan pheaca

Sula bhfuair mé scannal

Fá mo chuid féin,

Is a liacht lá breá fada

A dtig úlla cumhra ar chrannaibh,

Duilliúr ar an daraigh

Agus drúcht ar an bhféar.

Anois táim ruaigthe óm fhearann,

In uaigneas fuar óm charaid,

Im luí go duairc faoi scairtibh

Is i gcuasaibh an tsléibhe;

Is mura bhfaigheadsa suaimhneas feasta

Is cead fuireach aige baile,

Tréigfidh mé mo shealbh,

Mo dhúthaigh is mo réim.

138

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!