04.02.2014 Views

CISTe-ceoil

CISTe-ceoil

CISTe-ceoil

SHOW MORE
SHOW LESS

Create successful ePaper yourself

Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.

AMHRÁN MHUINSE

Dá mbeinn trí léig i bhfarraige nó i sléibhte i bhfad ó thír

Is gan éinne beo 'mo ghaobhar ann ach raithneach glas is fraoch

An sneachta dhá shéideadh 'nuas orm, is an ghaoth dhá fhuadach dhíom,

Mé bheith a' comhrá le mo Teaimin Bán, is níorbh fada liom an oích'.

A Mhuire dhílis, céard a dhéanfas mé tá an geimhreadh seo teacht fuar,

A Mhuire dhílis, céard a dhéanfas mé leis an teach seo is a bhfuil ann,

Nach óg a stór is rné ag imeacht uait le linn na huaire breá,

Le linn don chuach bheith ag seinm ceoil is gach duilliúr glas ag fás.

Dá mba thusa féin a d’imeodh uaim agus mise fanacht beo

Bheinn ag oiliúint do chuid clainne dhuit d’oíche agus de ló

Shiúlfainn thart fá na Liberties ‘s anonn fé Chontae an Chláir

‘S n chuimhneoinn chún’s a mhairfinn beo fear eile a chur i d’áit.

Dá mbíodh mo chlann sa mbaile agam an oíche a gheobhainn féin bás

Nach dtórróidís go fiúntach mé trí oíche agus trí lá

Bheadh na píopaí geala cailc’ again ‘s na ceaigeannaí ‘s iad lán

Agus triúr ban óg ó na sléibhte amuigh le mé ‘chaoineadh os cionn cláir.

Agus gearraí amach mo chónra dhom as fíorscoth geal na gclár,

Is má tá Seán Ó hEidhin i Muinis, bíodh sí siúntaithe óna dhá láimh,

Bíodh mo chaipín is mo ribín geal inti, is í go ródheas ar mo cheann,

S’ tiúrfaidh Páidín Mór go Muinis mé nó is garbh a bheas an lá.

Is ag dul siar ag Inse Ghainimh dhom, bíodh an bhratach os mo chionn

Na cuirí i Leitir Caladh mé, mar ní ann atá mo dhream,

Ach tugaí siar go Muinis mé san áit a gcaoinfear mé os ard,

Beidh soilse ar na dumhchannaí 's ní bheidh uaigneas orm ann.

(Máire Ní Chlochartaigh)

96

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!