04.02.2014 Views

CISTe-ceoil

CISTe-ceoil

CISTe-ceoil

SHOW MORE
SHOW LESS

You also want an ePaper? Increase the reach of your titles

YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.

CÁ RABHAIS AR FEADH AN LAE UAIM?

Cá rabhais ar feadh an lae uaim, a bhuachaillín ó?

Cá rabhais ar feadh an lae uaim, a lao ghil is a stór?

Bhíos ag fiach is ag fabhlaeireacht, a mháithrín ó,

Agus cóirigh mo leaba, táim breoite go leor.

Cad d’ithis do do dhinnéar, a bhuachaillín ó?

Cad d’ithis do do dhinnéar, a lao ghil is a stór?

D’itheas sicíní nimhe ar phláitíní óir,

Agus cóirigh mo leaba, táim breoite go leor.

Cad fhágair ag d’athair, a bhuachaillín ó?

Cad fhágair ag d’athair, a lao ghil is a stór?

Mo chóiste is ceithre capaill, a mháithrín ó,

Agus cóirigh mo leaba, táim breoite go leor.

Cad fhágair ag do mháthair, a bhuachaillín ó?

Cad fhágair ag do mháthair, a lao ghil is a stór?

Mo bha is mo chuid talaimh, a mháithrín ó,

Agus cóirigh mo leaba, táim breoite go leor.

Cad fhágair ag do mhnaoi pósta, a bhuachaillín ó?

Cad fhágair ag do mhnaoi pósta, a lao ghil is a stór?

Fágfad croch chun í a chrochadh is téad láidir go leor,

Agus cóirigh mo leaba, táim breoite go leor.

98

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!