25.03.2014 Views

Quarterly Bulletin Q3 2013

Quarterly Bulletin Q3 2013

Quarterly Bulletin Q3 2013

SHOW MORE
SHOW LESS

You also want an ePaper? Increase the reach of your titles

YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.

31

An Timpeallacht Gheilleagrach

Leis na sonraí bliantúla Cuntas Náisiúnta do 2012, tugtar le fios gur tháinig fás

0.2 faoin gcéad ar OTI anuraidh, ráta fáis i bhfad níos lú ná mar a tuairiscíodh

roimhe seo. Bhí laige fhadtréimhseach an éilimh sheachtraigh, go háirithe

sa Ríocht Aontaithe agus sa limistéar euro, ina príomhchúis leis an moilliú

seo. Tugtar le fios leis na sonraí do 2012, mar aon leis na réamhshonraí don

chéad ráithe de 2013 go bhfuil téarnamh sách maothaithe ar ghníomhaíocht

i mbliana. Meastar anois go mbeidh fás OTI de 0.7 faoin gcéad ann in 2013

agus go dtiocfaidh méadú neamhthoirtéiseach ar fhás go dtí thart ar 2.1 faoin

gcéad in 2014. Meastar go dtiocfaidh méadú 0.3 faoin gcéad, a bheag nó a

mhór, ar OTN i mbliana, agus go méadóidh sí go dtí thart ar 1.3 faoin gcéad in

2014.

Bhí bonn leathan faoi laige an gheilleagair le

linn na chéad ráithe de 2013. Cláraíodh an

cúngú is mó ó 2009 i leith ar thomhaltas cé

gur cláraíodh fás ar thomhaltas do dhá ráithe

as a chéile le linn 2012. Ina theannta sin,

tháinig titim ghéar ar onnmhairiú earraí agus

seirbhísí a bhí mar phríomhspreagadh an fháis

eacnamaíoch le blianta beaga anuas. Leis an

titim sin, léirítear an timpeallacht sheachtrach

dhúshlánach ina mbíonn onnmhaireoirí

Éireannacha ag gníomhú, mar aon leis na

saincheisteanna struchtúracha a bhaineann

le paitinní éaga san earnáil cógaisíochta. Is

dócha, dá bhrí sin, go mbeidh srianadh ar

luas an téarnaimh ar an ngeilleagar don chuid

eile den bhliain. É sin ráite, tugann na sonraí

le fios go bhfuil méadú ag teacht de réir a

chéile ar fhostaíocht. Nuair a eisiatar tionchar

tosca saofa amhail infheistíocht aerárthach, tá

comharthaí ann go bhfuil téarnamh éigin ag

teacht ar bhuninfheistíocht.

Cé go bhfuil an timpeallacht

mhaicreacnamaíoch dúshlánach i gcónaí,

leantar le dul chun cinn breise ar na

príomhdhúshláin beartais. Léirítear é seo go

pointe sa mhéid go leanann an feabhas ar

rochtain an Rialtais ar mhaoiniú margaidh

agus gur baineadh íosphointí nua iarghéarchéime

amach le raon difríochta na

mbannaí rialtais sa dara ráithe. Ar a shon

sin, ní mór dul chun cinn breise a dhéanamh

i dtaca le príomh-shaincheisteanna áirithe.

Cé go bhfuil leachtacht an chórais san

earnáil baincéireachta feabhsaithe agus go

bhfuil an dul chun cinn maidir le díghiaráil ag

gluaiseacht sa treo cheart, tá éiginnteacht

ann maidir le cáilíocht sócmhainní agus imní

maidir le brabúsacht, rud a leanann de bhac

a chur ar phróiseas deisiúcháin an chórais.

Tá sé ríthábhachtach go rachfar i ngleic leis

na saincheisteanna sin chun go bhféadfar an

córas baincéireachta a chur ar ais ar bhonn

cobhsaí marthanach agus chun go mbeidh an

córas baincéireachta ábalta a chumas iasachta

a neartú, rud atá riachtanach chun tacú le fás

inmharthana.

Tá an méadú leanúnach ar riaráistí morgáiste

ina ghné lárnach de na deacrachtaí agus

den éiginnteacht a bhaineann le cáilíocht

sócmhainní agus le brabúsacht. Dá bhrí

sin, i mí an Mhárta 2013, d’fhógair an Banc

Ceannais spriocanna ráithiúla do na bainc

chun réitigh inmharthana a mholadh do

theaghlaigh a bhfuil riaráistí morgáiste acu.

Chun na spriocanna sin a bhaint amach, beidh

ar na bainc a léiriú, ar bhonn gach cáis ar leith,

go bhféadfar a bheith ag súil leis go mbeidh

teaghlaigh in ann freastal ar na híocaíochtaí

conarthacha thar shaolré iomlán na hiasachta.

Meastar go bhfuil sé seo riachtanach chun

a áirithiú go bhfuil na bainc ag dul i ngleic

leis an bhfadhb ar mhodh tráthúil, rud atá

ag teastáil dá bhfóntacht féin, agus chun

cinnteacht a chur ar fáil do na hiasachtaithe

lena mbaineann. De bhreis air sin, d’fhoilsigh

an Banc Ceannais Cód Iompair athbhreithnithe

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!