You also want an ePaper? Increase the reach of your titles
YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.
Robert Mc Millen (Irish News)

‣ 'An tsúil eile' nó claonadh eile de dhíth chun pobal léitheoireachta a mhealladh:

'Ar íorónaí an tsaoil é, is iad Gaeilgeoirí líofa na daoine is lú a bhfuil suim acu i

nuachtáin Ghaeilge.

B'fhéidir nár chóir iontas a bheith orainn go bhfuil Gaeil ar nós cuma liom mar ní

raibh traidisiúin láidir léitheoireachta i nGaeilge riamh i measc na nGael.

Tá muid i ngrá le daoine - léitheoirí - nach bhfuil grá acu dúinn. Imríonn muid gach

uile cleas le iad mhealladh, ach i bhfírinne, is cuma leo. Tá a gcroí i dtairge eile atá

níos óige, níos saibhre, níos áisiúla agus níos gnéasúla - an t-idirlíon, an nuacht 24

uair sa lá, gutháin chliste, etc., agus labhraíonn an tairge meallacach sin, sa chuid is

mó, Béarla.'

‣ Todhchaí na meán agus dúshláin ar an scála domhanda:

'Tá na meáin traidisiúnta clóite faoi bhrú. I 2009, don chéad uair riamh, caitheadh níos

mó ar fhógraíocht ar-líne ná mar a caitheadh ar fhógraíocht sna meáin chlóite agus tá

a fhios againn gur arán an bheatha é fógraíocht do na meáin chlóite.

Comhartha sóirt eile - thit ioncam na nuachtán i SAM 29% idir 2008 agus 2009 agus

tá na scéal amhlaidh i gcuid mhór tíortha eile.

Seo an timpeallacht eacnamaíochta ina mbeidh nuachtáin cloíte ag feidhmiú i 2011.'

‣ Gnó laethúil a dhéanamh trí Ghaeilge chun a húsáid a chinntiú mar sin tá na

meáin fite fuaite i bhforbairt na Gaeilge sna heagraíochtaí pobail agus a

leithéid fosta:

'Bhí mé ag léacht a thug an teangeolaí Iosraelach, an Dr Shlomo Izre’el, i gCultúrlann

McAdam Ó Fiaich i 2005 inar dhúirt sé nach n-éireodh go deo le hathbheochan na

Gaeilge mar a d'éirigh leis an Eabhrais mar níl an Ghaeilge riachtanach le gnó

coitianta laethúil a dhéanamh.

Ar an drochuair, measaim gur sin mar atá cás na meán clóite Gaeilge, dá fheabhas iad

- níl gá dosheanta leo i saol achan lá an ghnáthGhaeilgeora.

Ainneoin na cainte uilig ar an “súil eile” agus an dearcadh sainiúil Gaelach, agus

tuigeann muid uilig an idé-eolaíocht a mhaíonn gur cheart agus gur chóir nuachtán

náisiúnta Gaeilge a bheith ann - agus aontaím leis an dearcadh sin - is éigean bheith

réadúil faoi. Ceist daonlathais agus prionsabal saoirse cainte chomh maith le ceist

phleanáil teanga atá ann.

Ach, sin ráite, cá bhfuil na léitheoirí nó, níos tábhachtaí fós, lucht ceannaithe nuachtán

Gaeilge?'

Danny Brown (Goitse)

‣ Spriocphobal léitheoireachta a aithint i gcás Lá Nua:

'Fuair mé amach go raibh leisce ar dhaoine sa ghaeltacht rud ar bith a léamh i

nGaeilge.'

110