15.04.2014 Views

TuarascailEarnailnaMeanGhaeilge

TuarascailEarnailnaMeanGhaeilge

TuarascailEarnailnaMeanGhaeilge

SHOW MORE
SHOW LESS

Create successful ePaper yourself

Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.

Ról na meán Gaeilge i sochaí na hÉireann

Tuigtear gurb é an téama is coitianta agus is láidre i scríbhneoireacht na Gaeilge ná

díláithriú cultúir (Nic Eoin). Más amhlaidh atá áfach, d'imir an scríbhneoireacht úd

mar aon le struchtúir oideachasúla go príomha, ról tábhachtach in athláithriú teanga le

breis agus céad caoga bliain anuas. Go bunúsach bhí an t-athláithriú cultúir seo ar na

céimeanna tosaigh in athbheochan na Gaeilge (McMahon, Uí Chollatáin). Is cuid

riachtanach de seo mar sin na córais oifigiúla oideachasúla agus shóisialta a cuireadh i

bhfeidhm, mar aon leis an reachtaíocht a chruthaigh struchtúir oifigiúla shóisialta don

athláithriú teanga. Mar sin féin de thoisc go mbíonn struchtúir shóisialta ag athrú de

shíor, is céim leanúnach den athláithriú cultúir é seo agus is gá monatóireacht agus

athbhreithniú a dhéanamh air i gcónaí. Ní féidir tic a chur le céim agus ansin na cinn

deireanacha a shroichint - tá gach céim fite fuaite i gcur i bhfeidhm athláithriú an

chultúir, go háirithe siocair gur cuid de phobal beo é.

Cinntíonn an mhonatóireacht agus an t-athbhreithniú a ghabhann le leanúnachas mar

seo áit agus stádas na teanga sa phobal. Dheimhnigh ceapachán an Choimisinéir

Teanga go ndéanfar an mhonatóireacht, a réiteoidh an bealach d'fhorbairt dá réir do

gach ball den phobal. Tá céim na monatóireachta luaite cheana mar cheann de

phríomhghnéithe de ról Fhoras na Gaeilge i leith na straitéise seo. Mar sin tuigtear gur

gné leanúnach de chur i bhfeidhm straitéise í an mhonatóireacht, ach ní féidir an

chéim sin a chur i bhfeidhm go dtí go bhfuil na struchtúir eile curtha i gcrích agus ag

feidhmiú ag leibhéal áirithe ar a laghad. Is é sin go díreach bunús na réasúnaíochta do

leagan straitéise mar seo. Pléann Bianchi an tábhacht a bhaineann le treoirphlean

ionas go n-aithnítear na bearnaí sna meáin agus gur féidir tógáil orthu dá réir. Tá sé

seo níos tábhachtaí fós i soláthar seirbhíse do phobal teanga atá ag feidhmiú faoi

choinníollacha chóras oifigiúil atá ar fáil go príomha i dteanga eile:

There is no print medium for breaking news. And there is no

development capacity to exploit online opportunities or to help fill the

gap left by English-language press in Wales which is less and less

committed to news content. How to make good these deficiencies?

This can only be done through identifying key development points and

supporting them in ways which take into account the interests of the

sector as a whole.

(Bianchi 2008: 41)

12

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!