15.04.2014 Views

TuarascailEarnailnaMeanGhaeilge

TuarascailEarnailnaMeanGhaeilge

TuarascailEarnailnaMeanGhaeilge

SHOW MORE
SHOW LESS

You also want an ePaper? Increase the reach of your titles

YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.

Éilíonn iriseoirí Gaeilge chomh maith go gcuireann úsáid na Gaeilge sna meáin

chlóite le húsáid téarmaíocht nádúrtha a mbíonn blas níos dúchasaí uirthi, ná Gaeilge

na leabhar. Déanann Máirín Ní Ghadhra pointe an-tábhachtach i gcomhthéacs úsáid

nádúrtha na Gaeilge sna meáin chraolta, cuir i gcás. De thoisc go bhfuil cuid mhaith

cainteoirí dúchais ag plé leis an bhfóram seo, is cosúil go gcuireann úsáid laethúil

nádúrtha na teanga mar sin, le cothú agus le caomhnú struchtúir dhúchais na teanga ar

bhonn neamhchomhfhiosach. D'fhéadfaí a áiteamh mar sin gur fianaise

dheimhnitheach é seo, go pointe áirithe cibé, ar luach seachas díluacháil na meán in

athneartú teanga. Deir Ní Ghadhra gur minic, siocair gné bheo na meán cumarsáide,

nach mbíonn deis ag pobal na meán clóite, craolta agus ar líne, 'to consult a

committee or policy group'. Leanann sí ar aghaidh ag rá de thoradh úsáid na cainte

laethúla sna meáin: 'the choice that we often need to make is between a turn of phrase

which will convey our news to people or a strange new term (Ní Ghadhra 2008: 58-9).

Caithfear a bheith airdeallach áfach nach gcuirtear barraíocht béime ar luach na meán

i gcruthú phobail teanga. Téann cuid de na tuiscintí seo, cuir i gcás, i gcoinne taighde

acadúil áirithe a éilíonn gur mó an dochar ná sochar a dhéanann na meáin

mhionteanga i gcúlú an aistrithe teanga mar a luadh cheana [reversal of language

shift]. Cuireann Fishman tairbhe úsáid na meán in aistriú teanga taobh thiar d'úsáid na

teanga sa bhaile, sa phobal, sa sfeár oibre agus fiú sa sféar oideachais. Cáineann sé

fosta luach na meán i gcoitinne i leathnú úsáid na teanga. Bíodh sin mar atá (agus ní

luann sé aon taighde coincréideach a chuireann leis an téis seo i 2001), tá gá le

cothromaiocht i dtaobh na ceiste seo.

Ar an gcéad dul síos, ní féidir a shéanadh gur cuid lárnach de shaol nua-aimseartha an

lae inniu iad na meáin chumarsáide, agus bheadh sé fáillíoch mar sin gan iad a chur

san áireamh mar uirlisí i bpleanáil teanga nó in athbhreithniú teanga. Ní fios ach an

oiread go baileach (toisc easpa taighde ceart air seo), cén tairbhe a bhain leis na meáin

chumarsáide Gaeilge in athbheochan na Gaeilge le beagnach céad caoga bliain anuas,

ach ní dhearna siad aon dochar don teanga ach an oiread. Go deimhin, léiríonn taighde

ar na meáin go nuige seo go raibh ról suntasach acu i gcruthú na nualitríochta, gné antábhachtach

do phobal teanga agus ábhar léitheoireachta de dhíth chun úsáid na

teanga a leathnú agus a fhorbairt (Nic Pháidín 1998). Tá gá le taighde ceart ar an ngné

38

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!