Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
ourselves, "If someone can buy bread in Spanish or Catalan, why can't they read a

newspaper in either language?"' Má dhéantar comparáid idir léamh nuachtán agus

ceannach aráin, fuincsin bhunúsach mhaireachtála, is gá cur chuige praiticiúil a

ghlacadh faoi seo má táthar chun cothromaíocht mhaoinithe a chur i bhfeidhm go

héifeachtach a chinnteoidh todhchaí na meán Gaeilge clóite ar bhonn gearrthéarmach,

agus todhchaí na meán Gaeilge ar líne go fadtéarmach. Is cinnte go dtiocfaidh na

fadhbanna céanna chun tosaigh nuair a fhaigheann an t-idirlíon greim iomlán ar na

fóraim, mar a tharla le céad bliain anuas agus deacrachtaí dáileacháin ag síneadh siar

go ré an chéad nuachtáin dhátheangaigh, Fáinne an Lae agus An Claidheamh Soluis.

Agus beidh na deacrachtaí seo ann i gcónaí mar is cuid den fhorbairt nadúrtha

chumarsáide é, go nglacann fóraim áirithe áit an fhóraim eile. Léiríonn staidéar ar

stair na meán i gcomhthéacs chultúr na lámhscríbhinní agus an chultúir chlóite gur

cuid de phróiseas forásach na sochaí é seo.

I gcónaí áfach tagann an t-ábhar féin agus caighdeán an ábhair chun tosaigh, mar aon

leis an tseirbhís atá de dhíth faoi théarmaí an tsoláthair atá á chur ar fáil. Mar sin má

bhronntar 'caomhnú an chultúir nó na teanga' ar na meáin Ghaeilge mar fheidhm,

fágfar na meáin i gcónaí i dtuilleamaí na riachtanas teanga seachas na riachtanas

pobail. Is é sin an tuige gur gá, de réir fhocail Pháidí Ó Lionaird agus é ag oscailt an

tseimineáir lae ar 13 Samhain 2010, an Ghaeilge agus na luachanna pobail a ghabhann

léi a athshealbhú. Ní gá agus ní fiú, seilbh a ghlacadh ar na fóraim féin atá, agus a

bheidh ag síorathrú, ach is gá na fóraim a chur in oiriúint do riachtanais an phobail,

bíodh gur gá dóibh a bheith tarraingteach nó simplí nó casta nó pé cáilíocht a

ghabhann leis an ábhar atá á chur i láthair le hé a dhéanamh ábhartha don phobal úd.

Thar aon rud eile áfach is gá ag leibhéal praiticiúil, dromchlac, go mbeidh rochtain

éasca ag an bpobal ar an meán sa chéad áit. Sa dara háit, ag leibhéal níos doimhne, is

gá go réitíonn an t-ábhar agus an caighdeán dá réir, le luachanna an phobail mar

phobal ann féin, bíodh gur pobal teanga, nó pobal léitheoireachta, nó pobal tíreolaíoch

é. Ní féidir seilbh a ghlacadh ar, agus dílseacht a chothú do luach nach bhfuil meas ag

an bpobal air ar an gcéad dul síos.

Dhíríodh ó thús a ré, agus díríonn i gcónaí tuairimíocht agus dioscúrsa na meán ar an

bpobal seachas ar an duine aonair amháin. Is é sin an fáth fosta nach féidir leis na

meáin maireachtáil i bhfolús agus a mhalairt, nach féidir leis an bpobal maireachtáil

20