15.04.2014 Views

TuarascailEarnailnaMeanGhaeilge

TuarascailEarnailnaMeanGhaeilge

TuarascailEarnailnaMeanGhaeilge

SHOW MORE
SHOW LESS

You also want an ePaper? Increase the reach of your titles

YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.

chabhródh go mór le húsáid na teanga ar bhonn réadúil sa todhchaí toisc go

gcuirfeadh a leithéid de phlé le normalú teanga.

Ar ndóigh ní rud nua ar fad é a aithint nach é an córas oideachais an príomhbhealach

amháin le cumas sa teanga agus le húsáid na teanga a chinntiú. Is gá i gcónaí an

Ghaeilge a choinneáil mar chroíábhar sa chóras oideachais agus murach gur baineadh

na spriocanna dúshlánacha oideachais sin amach le breis agus céad bliain anuas, ní

dócha go mbeadh sféar poiblí á sholáthar do phobal na Gaeilge sa lá atá inniu ann mar

ní bheadh Gaeilge ag an bpobal sa chéad áit. Mar sin féin is léir go bhfuil ag éirí le

forbairt na Gaeilge sa sféar poiblí anois mar tá an Ghaeilge feiceálach agus in úsáid ar

chomharthaí bóthair, ar chóras iompair (fiú le comhlachtaí príobháideacha a

úsáideann an Ghaeilge ar bhusanna príobháideacha agus a leithéid), sna meáin agus in

iliomad fóram poiblí. Mar atá luaite ag Grin agus Vallincourt cuireann an fheiceálacht

seo le cruthú na dea-thola i leith na teanga. D'fhéadfaí a áiteamh go bhfeidhmíonn na

comharthaí poiblí seo ar fad mar mheáin chumarsáide de shórt éigin. Ní tharlódh sé

seo gan dua na n-oideachasóirí sa chóras oideachais áfach. Ainneoin go bhfuil

fadhbanna le múineadh na Gaeilge, is í an éigeantacht seo a chinntíonn leibhéal áirithe

cumais sa teanga mar a pléadh i gcás thaighde Uí Mhurchú agus Mhic Ghréil cheana.

Mar sin féin tá sé chomh tábhachtach céanna fosta féachaint ar na modhanna is fearr

chun úsáid sin na Gaeilge a chinntiú sa phobal, tar éis do scoláirí an scoil a fhágáil. Is

gá a chinntiú go gcuirfear an leibhéal cumais atá bainte amach acu chun tairbhe úsáid

na Gaeilge sa sféar poiblí, a chinnteoidh go mbeidh luach eacnamaíoch leis an dua a

caitheadh le foghlaim na teanga sa chóras oideachais go nuige sin. Tá luach ar leith ag

na meáin Ghaeilge sa phróiseas seo i gcruthú phobal na Gaeilge, rud atá aitheanta ag

Ombudsman na Meán, an tOllamh John Horgan, mar a luadh cheana.

Ainneoin an taighde acadúil a léiríonn claonta fabhracha thoil an phobail i leith na

Gaeilge, de réir na staitisticí daonáirimh agus tuarascálacha ar chlaonta i leith na

Gaeilge sa tsochaí Éireannach, aithnítear nach bhfuil eagraíochtaí Gaeilge ag freastal

ar an aoisghrúpa 20-44. Tá buntáiste ar leith ag úsáid na meán Gaeilge chun an

bhearna seo a líonadh. Faoin am go sroicheann an gnáthshaoránach na fichidí luatha,

tá an-seans nach bhfuil aon struchtúr oifigiúil oideachais aige le Gaeilge a úsáid, agus

ní bhíonn am ag gach duine ranganna a lorg. Tá géarghá leis na meáin Ghaeilge ag an

tréimhse seo i saol an duine le héascaíocht agus rochtain ar Ghaeilge a chinntiú, agus

34

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!