15.04.2014 Views

TuarascailEarnailnaMeanGhaeilge

TuarascailEarnailnaMeanGhaeilge

TuarascailEarnailnaMeanGhaeilge

SHOW MORE
SHOW LESS

Create successful ePaper yourself

Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.

luas agus dul chun cinn na teanga. Tá sé in am go leor bogadh ar aghaidh le díriú

ar fhorbairtí idirlín ar bhonn comhthreomhar, agus tús áite a thabhairt dóibh de

réir a chéile mar sin.

Tacaíonn iar-eagarthóir Foinse Séan Tadhg Ó Gairbhí, le tairbhe an nuachtáin i

bpróiseas shlánú na teanga ‘má táimid dáiríre faoi shlánú na Gaeilge’.

(Bhreathnach 2009). Chomh maith leis sin mar dhuine de na hiriseoirí a bhfuil an

taithí is faide aici sna meáin Ghaeilge agus bás sé nuachtán feicthe aici (ina focail

féin), d'ardaigh Máiréad Ní Chinnéide an cheist seo ag Seimineár Lae na Meán

Gaeilge clóite agus ar líne ar 13 Samhain 2010 mar chuid de thaighde gníomhach

na tuarascála seo:

Agus ar deireadh ceist fíorthábhachtach? Más fíor go bhfuil níos mó

agus níos mó daoine i dtaobh le meáin eile chun nuacht a fháil an fiú

breis agus €300,000 sa bhliain a chaitheamh ar nuachtán Gaeilge nach

léann morán níos mó ná sé mhíle duine? Creidim gur fiú. Ba thairfí go

mór don Ghaeilge, dar liom, bunúsáid a bheith á baint as an teanga

chun cur síos a dhéanamh ar chúrsaí na linne seo i nuachtán

seachtainiúil, ná na céadta tuarascálacha a scríobhadh i mBéarla, agus

nach léann duine ar bith, a aistriú go Gaeilge. Agus sin ráite ní fiú

nuachtán Gaeilge a bheith ann ar mhaithe leis an Ghaeilge amháin. Ní

mór ábhar a bheith ann a mheallann léitheoirí agus chuige sin ní mór

féachaint chuige go mbeidh foireann iriseoirí aige, agus na hacmhainní

ag an nuachtán iriseoirí nua a oiliúint, iriseoirí a bhraithfeadh dílseacht

don nuachtán agus a dhéanfadh a ndícheall féachaint chuige go

mbeadh pé scéal a mbeidís ag obair air ina ábhar cainte ag pobal na tire.

Ag caint faoi bhunú Y Byd sa Bhreatain Bheag, tugann Jan Morris luach an nuachtáin

céim níos faide ar aghaidh ag rá go bhfuil nuachtán laethúil ríthábhachtach i bhfóras

teanga agus i gcothú muiníne i gcultúr: 'A daily newspaper to my mind is critical to

the well-being of a language and the confidence of a culture.' (Thomas 2003).

Mar sin féin is gá i gcónaí a bheith airdeallach go dtuilleann an fóram luach agus

leibhéal an chaiteachais, go háirithe nuair atá seacht bhfóram eile á saothrú as an

c.45% eile de mhaoiniú Fhoras na Gaeilge d’earnáil na meán Gaeilge clóite agus ar

líne.

16

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!