Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
Ceann de na luachanna is tábhachtaí atá luaite anseo ag Cormack ná léiriú pobail mar

cuireann sé seo béim ar luach na meán mar uirlisí pobail in áit mar uirlisí cultúrtha

amháin. Soláthraíonn siad seirbhís don phobal iomlán, ní hamháin do chultúr

mionlaithe amháin a bhfuil sainghnéithe ar leith ag baint leis. Go bunúsach is cuma

cén teanga a labhraíonn tú in Éirinn, is cuma cén ceantar a bhfuil tú i do chónaí ann

(Gaeltacht nó taobh amuigh den Ghaeltacht), más saoránach Éireannach thú, is ball de

phobal na hÉireann tú agus más saoránach Éireannach thú tá seans láidir go bhfuil

cumas áirithe agat sa Ghaeilge. Is bunchloch fhiúntach í seo ar féidir pobal teanga a

thógáil uirthi. De réir taighde Cormack mar sin is fiú é seo a aithint i straitéis ar na

meáin.

Deir Cormack fosta go samhlaítear na meáin mhionteanga mar nasc idir an aimsir

chaite agus an traidisiún seachas iad a shamhlú leis an am atá le teacht. Tharla mar sin

ar bhealach gur eochair iad na meáin chumarsáide chun seilbh agus tuiscint a fháil ar

ghnéithe traidisiúnta an chultúir Ghaelaigh a chuideodh chomh maith le hathshealbhú

teanga seachas le foghlaim teanga. Mar sin féin tá sé tábhachtach gan na meáin

mhionteanga a shainniú i dtuiscint an traidisiúin ionas gur féidir leo ardán a sholáthar

don phobal dul i ngleic le cúrsaí laethúla comhaimseartha. Bheadh sé contúirteach na

meáin mhionteanga a ionannú le scáthántacht chultúrtha amháin. Léirigh taighde

gníomhach na tuarascála seo go bhfuil an t-ardán comhaimseartha sin do nuacht bheo

ar na hardáin is mó éilimh i gcás na meán Gaeilge sa lá atá inniu ann, a thacaíonn le

taighde Grin agus Vallincourt:

What we mean is that to the extent that minority languages almost always are

associated with tradition, it is important to demonstrate that they are not

trapped in it, and that they can also give access to aspects of everyday life that

are usually associated with modernity. This stresses the potential of any

language, as well as the dynamic aspects of culture, and television

broadcasting is a key element of such a demonstration. … Our point however

is that language is a vehicle for human exchange and experience, particularly

its cultural aspects, and that language can be used to express changing cultural

values. Because culture is dynamic, and cultural values change, it would be

misguided to assign to language, as its solo or main function, that of reflecting

a culture as it manifests itself at a given point in time. (Grin agus Vallincourt

1999: 28).

Léiríonn tuiscintí Cormack mar aon le taighde Grin agus Vallincourt ar an mbéim ar

léiriú pobail seachas an bhéim ar léiriú cultúir nó ar theanga amháin, an tábhacht a

40