15.04.2014 Views

TuarascailEarnailnaMeanGhaeilge

TuarascailEarnailnaMeanGhaeilge

TuarascailEarnailnaMeanGhaeilge

SHOW MORE
SHOW LESS

Create successful ePaper yourself

Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.

sochtheangeolaíocha, le tuiscintí reachtaíochta, agus le tuiscintí gnó in earnáil phoiblí

agus in earnáil phríobháideach na hÉireann. Leis an gcur chuige straitéiseach seo

gearrfar áit chinnte do na meáin Ghaeilge i sochaí na hÉireann mar uirlisí feiceálacha

a fheidhmíonn go príomha mar shuaitheantas do luachanna an phobail.

Riachtanais an phobail i gcomhthéacs fheidhm na meán Gaeilge clóite agus ar líne

Ag dul siar ar na ceisteanna bunúsacha a luadh cheana, is féidir ceithre

phríomheilimint bhunúsacha a rianú a bhfuil ceangal díreach acu le feidhm na meán

Gaeilge: cineál na hiriseoireachta i gcomhthéacs an ábhair agus an fhóraim; an

spriocphobal a bhfuil na meáin dírithe air; caighdeán na hiriseoireachta agus na n-

iriseoirí féin; agus ábhar na meán i gcomhthéacs chaomhnú an chultúir Ghaelaigh

agus na Gaeilge.

Ní mór anois mar sin dul i ngleic leis na heilimintí seo atá forbartha in iriseoireacht na

Gaeilge le céad agus caoga bliain anuas ó aimsir an chéad cholúin. Chabhródh a

leithéid i dtuarascáil mar seo mar réamhchéim chun treoir dheifinídeach, straitéiseach,

céimnithe a rianú ionas gur féidir tabhairt faoi mheasúnú réadúil, indéanta, ar bhonn

rialta amach anseo.

(i) Cineál / rangú na hiriseoireachta agus na scríbhneoireachta i gcomhthéacs an

fhóraim atá in úsáid:

Is gá idirdhealú ceart rianaithe a aithint idir na cineálacha éagsúla iriseoireachta agus

scríbhneoireachta sna meáin Ghaeilge chlóite agus ar líne;

(ii) An spriocphobal a bhfuil an meán dírithe air:

Is gá spriocphobal a bhfuil iris/ nuachtán dírithe air a shoiléiriú ar bhonn

comhthreomhar le caighdeán agus le cineálacha iriseoirí. Caithfear an difríocht idir

cumas sa teanga agus úsáid na teanga a mheas i gcomhthéacs sholáthar na meán

Gaeilge agus freastal na meán Gaeilge ar phobal na Gaeilge. Tá sé seo níos tábhachtaí

anois ná riamh agus breis agus céad bliain de shaothrú agus d'athbheochan na teanga

curtha i gcrích. Ní hionann riachtanais na bpobal éagsúil Gaeilge agus ainneoin, toisc

fhorbairtí oideachais go bhfuil cumas áirithe Gaeilge ag beagnach gach saoránach

Éireannach anois, is gá cur le húsáid na Gaeilge sa sféar poiblí agus i bhfóraim eile

22

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!