15.04.2014 Views

TuarascailEarnailnaMeanGhaeilge

TuarascailEarnailnaMeanGhaeilge

TuarascailEarnailnaMeanGhaeilge

SHOW MORE
SHOW LESS

Create successful ePaper yourself

Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.

seo deimhnithe i dtaighde Mhic Ghréil i 2009. Tá luach ar leith ag na meáin Ghaeilge

sa phróiseas seo - agus ainneoin nár aithníodh an luach sin i gcónaí, mar chuid

bhunúsach de shochaí nua-aoiseach an aonú haois is fiche is gá anois dul i ngleic leis

na fóraim éagsúla cumarsáide mar aon le hábhar fiúntach a chur ar fáil:

The task of reviving the language as the main medium of

communication for the majority of the population - an ideological

objective which was all too frequently advanced by people with little

knowledge of psychology, linguistics or education - was entrusted

chiefly to the schools, and above all to the primary schools. In these

circumstances, the role and the potential benefit, of Irish-language

journalism was down played and even ignored.

(Horgan 2001: 36-7)

Ainneoin cur chuige Fishman, aithníonn cuid mhaith taighde acadúil fiúntas na meán i

gcur i gcrích an dara céim seo mar sin is féidir go pointe áirithe ar a laghad, glacadh

leis go bhfuil ról ar leith le himirt ag na meáin Ghaeilge in athshealbhú na teanga. Ag

an seimineár ar na meáin Ghaeilge ar 13 Samhain 2010, d'aithin na hiriseoirí

gairmiúla féin an chéim seo mar chéim eile sa phróiseas agus mar uirlis i bpleanáil

teanga.

Má ghlactar lena bhfuil ráite ag Horgan anseo, is léir go bhfuil eilimint fheiceálach de

normalú teanga ar iarraidh agus tá sé in am anois triail a bhaint as infheistíocht a

dhéanamh san eilimint seo. Ní mór áfach an infheistíocht seo a dhéanamh mar chuid

de straitéis agus de phlean a chuimsíonn agus a chlúdaíonn na gnéithe eile teanga ag

an am céanna. Is cuid lárnach den tuarascáil seo leibhéal na hinfheistíochta úd a

cheistiú nó a chosaint más gá. Ní fiú barraíocht béime a chur ar thábhacht na meán i

bhforbairt agus i bpleanáil teanga, ach d'fhéadfaí a rá go ndeachthas an treo eile ar fad

agus dáiríre go ndearnadh neamhaird de chumhacht na meán i gcruthú pobail agus a

dtionchar siúd ar luachanna pobail sa chéad chéim d'athbheochan teanga.

Rinneadh é seo ar an tuiscint gur ghá tumadh iomlán a chruthú le hathbheochan

teanga a chur chun cinn, ach ní féidir, go háirithe sa sféar poiblí a bhfuil na meáin ag

saothrú ann, forbairtí sna meáin chumarsáide Gaeilge a mheas gan aird a thabhairt ar

phobal an Bhéarla. Tá glacadh phobal agus thimpeallacht an Bhéarla déanta go

héifeachtach agus go gairmiúil ag na meáin chraolta Gaeilge. Mar sin bíodh go n-

14

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!