15.04.2014 Views

TuarascailEarnailnaMeanGhaeilge

TuarascailEarnailnaMeanGhaeilge

TuarascailEarnailnaMeanGhaeilge

SHOW MORE
SHOW LESS

Create successful ePaper yourself

Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.

Aidhm

Is í bunaidhm na tuarascála seo ná moltaí a chur i láthair i dtaobh straitéis úr maidir le

ról Fhoras na Gaeilge i leith earnáil na meán Gaeilge clóite agus ar líne.

Tá dhá ghné ag baint le cur i bhfeidhm aidhm na tuarascála, mar atá, soiléiriú ar ról an

Fhorais i gcomhthéacs na meán clóite agus ar líne, agus ráiteas misin na straitéise úire.

1.Ról Fhoras na Gaeilge i gcomhthéacs na hearnála seo

Is iad priomhghnéithe ról Fhoras na Gaeilge i gcomhthéacs na hearnála seo mar bhord

stáit a bhfuil cur chun cinn na Gaeilge ar an oileán seo mar phríomhchúrám aige ná:

Misean

Forbairt agus freastal a dhéanamh ar chur chun cinn na Gaeilge san

Earnáil Phobail agus san Earnáil Ghnó Phríobháideach.

Ról

Is iad príomhróil na Rannóige Pobail agus Gnó ná:

‣ Úsáid na Gaeilge sa phobal ar fad a chur chun cinn agus a

fhorbairt.

‣ Úsáid na Gaeilge san earnáil phríobháideach a fhorbairt.

(Tógtha ón suíomh www.gaeilge.ie)

Is iad na focail 'úsáid na Gaeilge' agus 'pobal' na focail is tábhachtaí sa ráiteas seo.

Is teanga náisiúnta í an Ghaeilge ach is teanga mhionlaithe í sa sféar poiblí. Tá sé

d'aidhm ag an bplean seo iniúchadh agus scrúdú a dhéanamh ar fhóram Gaeilge

taobh le fóram dátheangach do phobal na Gaeilge agus do phobal na hÉireann i

gcoitinne, 'ar bhonn uile-Éireann' mar atá leagtha amach ag Foras na Gaeilge.

Tógfar air sin de réir a chéile thar thréimhse cúig bliana agus ar aghaidh ina

dhiaidh sin ionas go dtuigfear cén luach atá ag na meáin Ghaeilge chlóite agus ar

líne mar uirlisí cumarsáide agus uirlisí teanga. Tá an dá ghné seo, teanga agus

cumarsáid, ar na luachanna is mó tábhachta i gcruthú agus i saothrú phobal teanga.

Féachfar ar na heilimintí seo a leanas i ndréachtadh treoirphlean modheolaíochta

agus straitéise mar chéimeanna do chur le chéile na straitéise seo:

4

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!