15.04.2014 Views

TuarascailEarnailnaMeanGhaeilge

TuarascailEarnailnaMeanGhaeilge

TuarascailEarnailnaMeanGhaeilge

SHOW MORE
SHOW LESS

Create successful ePaper yourself

Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.

Ní i gcónaí áfach a bhíonn pobal na Gaeilge féin dílis don uirlis phoiblí atá ag

feidhmiú ar a shon, ainneoin gur guth an phobail é, rud atá léirithe ag figiúirí

cúrsaíochta na nuachtán a foilsíodh le blianta beaga anuas. Go minic, tarlaíonn sé seo

in ainneoin dhíograis agus scileanna iriseoireachta na foirne atá i mbun an nuachtáin.

Mar shampla, taobh istigh de bhliain, bhí díolachán laethúil de 1,000 thuaidh agus

theas ag Lá (Cummings 2004: 170). In ainneoin dódh oifigí Lá i 1985, a scrios gach

rud, trealamh san áireamh, d’éirigh leis an nuachtán an díolachán céanna a bhaint

amach arís faoi 1991 (ibid: 175). Méadaíodh an figiúr seo go 2,500 cóip in aghaidh an

eagráin faoi 2001 agus é ina nuachtán seachtainiúil (Horgan 2001: 177). Bhí ardú

suntasach i líon na léitheoirí nuair a athsheoladh Lá mar nuachtán laethúil i 2003 agus

faoi dheireadh na bliana bhí de réir staitisticí iniúchta ABC, bhí 4,404 cóip á ndíol ar

an meán in aghaidh an lae idir 30 Meitheamh 2003 agus 28 Nollaig 2003. (Palmer

2009; McCabe 2008). D’íoslódáil thart ar 30,000 duine an leagan leictreonach gach

mí (McCabe 2008). Mar sin féin, tháinig laghdú mór ar na figiúirí seo faoi 2008, agus

ní raibh ach 1,500 cóip á ndíol gach lá (Mc Caisín 2009), nó 3,000 cóip nuair a

chuirtear síntiús san áireamh, agus ní dhearnadh íoslódáil ar an leagan leictreonach

ach 8,000 uair sa mhí (Lawlor 2009). Mar sin ní hé go raibh tóir níos fearr ar an

leagan leictreonach ná mar a bhí ar an leagan clóite fiú, díreach nach raibh léitheoirí

dílse á cheannach ar bhonn leanúnach. Sroicheadh buaic díolacháin ag pointe amháin

ach níl fianaise choincréideach a léiríonn gur lean claonadh an díolacháin dá réir ina

diaidh.

I gcás Foinse, nuair a tháinig Foinse ar an saol bhí díolachán maith aige, thart ar 6,000

cóip gach seachtain, figiúr a chuaigh in airde go breis is 8,000 timpeall na bliana 2000

(Palmer 2009), agus lucht léitheoireachta thart ar 25,000 aige (Ó Muirí 2000). Thit an

díolachán go 3,746 cóip in aghaidh na seachtaine faoi dheireadh 2008 (ABC 2009a)

agus de réir a chéile d'éirigh sé níos deacra na léitheoirí dílse a dtagraíonn Ní

Chinnéide dóibh a choinneáil. Tá an treo céanna le feiceáil sa Bhreatain Bheag chomh

maith. Nuair a bhí Y Cymro i mbarr a réime sna 1950í, deirtear go raibh cúrsaíocht de

bhreis is 20,000 ar an nuachtán (Smith 2000: 292). Ó lár na 1980í, tá staitisticí

díolacháin Y Cymro imithe i léig ó bhreis is 6,000 cóip (Palmer 2009) go níos lú ná

3,000 in aghaidh na seachtaine (Davies 2009).

18

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!