08.05.2015 Views

Annual Accounts for the year ending 31st December 2007

Annual Accounts for the year ending 31st December 2007

Annual Accounts for the year ending 31st December 2007

SHOW MORE
SHOW LESS

You also want an ePaper? Increase the reach of your titles

YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.

Caibidil 7

Sáreagraíocht a fhorbairt

7.1 Treo Soiléir Feidhmiúil agus Straitéiseach a fhorbairt

7.1.1 Pleanáil Gnó

Ag cruinniú earnála i Samhain 2007, cheadaigh an Chomhairle Aireachta Thuaidh

/ Theas (CATT), Clár Gnó 2008 ina bhfuil na cláir fheidhmiúla, theicniúla,

chorparáideacha, mhargaíochta agus chur chun cinn don bhliain ag féachaint do

chúrsaí buiséid sa dá dhlínse. Is é atá leagtha amach sa phlean ná mionsonraí faoin

obair a dtabharfar fúithi sa bhliain 2008; an chéad bhliain de Phlean Comparáideach na

hEagraíochta 2008-2010. Cheadaigh an CATT an Plean Corparáideach, ag féachaint do

chúrsaí buiséid sa dá dhlínse, ag an chruinniú earnála i Samhain 2007 fosta.

Tá cuntas sa Phlean Chorparáideach ar na straitéisí agus ar na heochairchuspóirí atá ag

Uiscebhealaí Éireann chun an clár bainistiúcháin a sholáthar d’fhonn na huiscebhealaí a

fhorbairt sna trí bliana atá le teacht.

7.2 Polasaí a fhorbairt agus a athbhreithniú

7.2.1 Forbairt Polasaí

Leanadh le polasaithe a athbhreithniú

agus a fhorbairt le linn na bliana chun

teacht leis an reachtaíocht atá ann cheana

féin agus le reachtaíocht nua fosta.

Déanfar cinnte de, dá bharr, cur chuige

comhsheasmhach bheith ag an eagraíocht.

Críochnaíodh Lámhleabhar na bhFostaithe

ina bhfuil eolas ar eochairpholasaithe

na heagraíochta. Cuireadh treoirshraith

ceardlann ar siúl chun fostaithe a chur ar

an eolas faoi na heochairpholsaithe seo i

ndeireadh 2007. Beidh clár cuimsitheach

ag tosú go luath sa bhliain 2008. Ghlac

an eagraíocht le Polasaí um Rochtain

do Dhaoine Míchumasaithe i Lúnasa

2007 agus tosaíodh obair ar pholasaithe

gaolmhara a fhorbairt, mar shampla─

rochtain ar chumarsáid agus rochtain sa

timpeallacht thógtha. Rinneadh an-dul

chun cinn ar an Pholasaí um Chosaint

Páistí agus Aoiseach Soghonta. Cuirfear an dréachtpholasaí faoi bhráid an Fhóraim

Chomhpháirtíochta go luath in 2008.

D’oibrigh Rannóg na nAcmhainní Daonna i gcomhpháirt leis an Aonad Cothroime

lena chinntiú go ndearnadh scagadh inmheánach ar pholasaithe ar eagla leatrom ar

bith á dhéanamh ar cheann ar bith de na grúpaí comhionannais aitheanta. Cuireadh

leis an obair seo trí chomhairliú inmheánach a dhéanamh le grúpa comhairliúcháin

inmheánach. Bhí ionadaithe ón eagraíocht mar bhaill den ghrúpa comhairliúcháin seo.

32

Uiscebhealaí Éireann Tuarascáil Bhliantúil agus Cuntais 2007

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!