08.05.2015 Views

Annual Accounts for the year ending 31st December 2007

Annual Accounts for the year ending 31st December 2007

Annual Accounts for the year ending 31st December 2007

SHOW MORE
SHOW LESS

Create successful ePaper yourself

Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.

Cuntais Bhliantúla don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2007

Ráiteas i dtaca le Rialú Inmheánach

Mar Oifigeach Cuntasaíochta, tá freagracht orm as córas éifeachtach rialaithe

inmheánaigh a chothabháil chun tacaíocht le polasaithe, aidhmeanna agus le cuspóirí

Uiscebhealaí Éireann, agus ag an am céanna, na cistí poiblí agus na sócmhainní

rannacha atá faoi mo chúram a chosaint.

Tá an córas rialaithe inmheánaigh ann chun an riosca teipe do chomhlíonadh

polasaithe, aidhmeanna, agus cuspóirí na heagraíochta a bhainistiú seachas é a

dhíbirt. Ní féidir mar sin ach dearbhú réasúnach a thabhairt ar a éifeachtacht.

Tá an córas rialaithe airgeadais inmheánaigh bunaithe ar phróiseas leanúnach chun

na rioscaí do bhaint amach polasaithe, aidhmeanna agus cuspóirí Uiscebhealaí

Éireann a aithint; cineál agus méid na rioscaí a mheas; agus bainistiú éifeachtach,

éifeachtúil agus eacnamaíoch a dhéanamh orthu. Nuashonraíodh an tabhall riosca

agus leanadh leis an phróiseas bainistíochta riosca sa bhliain 2007.

Mar Oifigeach Cuntasaíochta, tá freagracht orm as éifeacht an chórais rialaithe

inmheánaigh a athbhreithniú. Bhunaigh an comhlacht na próisis seo a leanas:

• Cruinnithe míosúla ag na Stiúrthóirí chun dul chun cinn ar phleananna gnó

agus ar cheisteanna eile a athbhreithniú agus a mhonatóiriú;

• Cruinnithe míosúla de chuid an Choiste Monatóireachta chun éisteacht a

thabhairt do chur chun cinn ar phleananna gnó agus ar cheisteanna eile a

bhaineann leis an eagraíocht (tá baill shinearacha de chuid Uiscebhealaí

Éireann agus ionadaithe de chuid na rannóige urraíochta ar an choiste seo);

• Cruinnithe choicísiúla de chuid an Fhochoiste airgeadais chun athbhreithniú

a dhéanamh ar cheisteanna airgeadais;

• Tuarascálacha rialta ón iniúchadh inmheánach ina mbíonn tuairim

neamhspleách an Iniúchóra Inmheánaigh ar leorgacht agus ar éifeachtacht

chóras rialaithe inmheánaigh Uiscebhealaí Éireann chomh maith le moltaí

feabhsúcháin;

• Modheolaíocht tosaíochta láidir bunaithe ar rangú riosca a chur i bhfeidhm;

• Coiste Iniúchóireachta ar a bhfuil baill shinsearacha agus baill sheachtracha

de chuid Uiscebhealaí Éireann. Tionóladh an coiste go rialta in 2007.

Déanann an Coiste seo athbhreithniú ar shásanna iniúchta, ar phleananna

agus ar thuarascálacha d’Uiscebhealaí Éireann;

• Lártháscairí feidhmiúcháin agus riosca a bhunú;

• Tabhall riosca barrleibhéil a ullmhú agus a chur os comhair na Ranna

Urraithe gach ráithe.

Tá an t-athbhreithniú s’agamsa ar éifeachtacht an chórais rialaithe airgeadais

inmheánaigh bunaithe ar obair na n-iniúchóirí inmheánacha agus na mbainisteoirí

sinsearacha in Uiscebhealaí Éireann a bhfuil freagracht orthu as an chóras rialaithe

inmheánaigh a fhorbairt agus a chothabháil, agus ar na barúlacha a nocht Ard-

Reachtairí agus Iniúchóirí Ginearálta ina gcuid litreacha bainistíochta agus i

dtuarascála eile.

John Martin, Príomhfheidhmeannach. 11 Lúnasa 2008

50 Uiscebhealaí Éireann Tuarascáil Bhliantúil agus Cuntais 2007

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!