08.05.2015 Views

Annual Accounts for the year ending 31st December 2007

Annual Accounts for the year ending 31st December 2007

Annual Accounts for the year ending 31st December 2007

SHOW MORE
SHOW LESS

Create successful ePaper yourself

Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.

Caibidil 3

Na hUiscebhealaí a Chothabháil agus a Bhainistiú

na dreideála le riachtanas lucht iascaigh agus na Seirbhíse Imhshaoil agus Oidhreachta

a shásamh. Rinneadh cuairteanna suímh ag Magh Bheannchair agus ag Droichead Uí

Thuama d’fhonn stráitéis bhainistithe plandaí uisce a cheapadh don Bhanna Íochtar.

In 2007 chríochnaigh Uiscebhealaí Éireann Measúnú Airteagail 6 le haghaidh stráitéise

trí bliana do ghníomhaíochtaí cothabhála ar an Bhearú i gcomhairle leis an tSeirbhís

Pháirceanna agus Fhiadhúlra, Bord Iascaigh Réigiúnach an Deiscirt agus an Bord Iascaigh

Láir. San áireamh anseo bhí trialacha goirt le measúnú a dhéanamh ar an tionchar a

d’fhéadfadh a bheith ag na hoibreacha ar an loimpré, speiceas éisc atá faoi chosaint agus

suirbhé a dhéanfadh measúnú ar ghnáthóg chosanta ina bhfuil lustán ar snámh.

Leanadh den dreideáil logánta ar an Chanáil Mhór i ndiaidh tástáil a dhéanamh lena

chinntiú go bhféadfaí an chré iarmhartach a athúsáid san áit chéanna, rud a bheadh

ag teacht leis an cheangaltas atá ag Uiscebhealaí Éireann i leith acmhainní nádúrtha a

athúsáid leis an líonadh talún a laghdú. D’aistrigh Uiscebhealaí Éireann eiseamail den

Groenlandia densa (planda uisce atá annamh agus faoi chosaint) go Garraí na Lus, agus

sin i gcomhar le NPWS. Tá có-mhaoiniú á dhéanamh fosta ag Uiscebhealaí Éireann ar

mheasúnú ar Myxas glutinosa, speiceas annamh seilide a fhaightear ar an Chanáil Mhór

le measúnú a dhéanamh ar na beartais a d’fhéadfaí a chur i gcrích lena chaomhnú slán.

Ar chóras na hÉirne, rinneadh scópáil le haghaidh feistithe nua ag Geaglam ar Loch

Éirne Uachtair, rud a d’éiligh measúnú Airteagal 6 chomh maith, agus ag an O in Inis

Ceithleann.

Chuir Uiscebhealaí Éireann tús le liostú a dhéanamh ar na struchtúir oidhreachta in 2007

ar Uiscebhealach na Sionainne / na hÉirne, ar an Chanáil Mhór agus ar abhainn na Bearú.

Rinneadh seo le cuidiú le caomhnú agus le bainistiú a dhéanamh ar na huiscebhealaí mar

áiseanna oidhreachta a bhfuil tábhacht réigiúnach agus idirnáisiúnta leo. San áireamh

sna liostaí so bhí oidhreacht ailtireachta, inealltóireachta agus tionsclaíochta agus

rinneadh iad lena chinntiú go mbeidh na riachtanais oidhreachta san áireamh i ndearadh,

i dtógáil agus i gcothabháil gach cuid de thionscadail Uiscebhealaí Éireann. Beidh níos

fusa ina dhiaidh measúnú a dhéanamh ar na riachtanais chaomhnaithe lena chinntiú go

gcaomhnófar oidhreacht eisceachtúil na n-uiscebhealaí agus go slánófar iad le haghaidh

a n-úsáide agus a bhforbartha amach anseo.

Lena chois sin choimisiúnaigh Uiscebhealaí Éireann suirbhé seandálaíochta fo-thoinn

ar an chora i gCill Dá Lua ar Loingseoireacht na Sionainne agus suirbhé geofisiceach ag

Mainistir Eimhín ar Líne na Canála Móire / An Bhearú d’fhonn oidhreacht a chaomhnú.

Aistríodh líon mór doiciméad oidhreachta ó na seanstórais i bPort Omna isteach i stóras

nua-aimseartha lena gcaomhnú slán.

Mar aitheantas don ghá tabhairt faoi athrú aeráide amach anseo, tá an Rannóg

Mheicniúil d’Uiscebhelaí Éireannn i ndiaidh gníomhú go hairiciseach le heisfhearadh Gáis

Cheaptha Teasa a laghdú. Níor ceannaíodh le blianta beaga anuas ach báid ghearrtha

lustán a dearadh agus a tógadh le hinnill dhúnta agus córais fhuaraithe ola. Chomh

maith leis sin, úsáideann na soithigh ola in-bhithmhillte sna córais ghiaranna / thiomána

acu. Is lú go mór an dóchúlacht go ndéanfaí damáiste amach anseo don timpeallacht

mar gheall ar shileadh ola ó inneallra. Tionscnaíodh roinnt beartas fosta le heisfhearadh

20

Uiscebhealaí Éireann Tuarascáil Bhliantúil agus Cuntais 2007

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!