08.05.2015 Views

Annual Accounts for the year ending 31st December 2007

Annual Accounts for the year ending 31st December 2007

Annual Accounts for the year ending 31st December 2007

SHOW MORE
SHOW LESS

You also want an ePaper? Increase the reach of your titles

YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.

Caibidil 4

An Gréasán Uiscebhealaí a Fhorbairt agus a Athchóiriú

Rinneadh dreideáil ar feadh 3000m de Líne na Bearú idir Droichead Bhaile Mhánais

agus Baile an Bhiocáire i gCo Laoise.

Tosaíodh i 2007 ar fheabhsúcháin mhóra bonneagair ar Dhuga na Canála Móire agus

máguaird. In áit Dhroichead an Ghinearál Seán Mac Mathúna droichead tógála idir an

duga istigh agus an duga amuigh, cuireadh isteach struchtúr nach mbogann, agus sin

mar chuid de chomhthionscadal idir Uiscebhealaí Éireann agus Comhairle Cathrach

Átha Cliath. Rinneadh obair mhór dheisiúcháin fosta leis na ballaí i nDuga na Canála

Móire a neartú. I dtionscadal eile, cuireadh síneadh le Cearnóg na Canála Móire

isteach sa duga mar ardán a shíneann thar an uisce féin.

Tugadh faoi chomhobair fosta le Comhairle Átha Cliath 700m de dhromchla

nuafheabhsaithe cosáin tarraingthe a chur ar fáil agus soilse anuas a chur isteach gar

do Bhóthar an Daibhídigh ag tús na Líne Móire ar an Chanáil Mhór. Ag na Solláin, Co

Chill Dara, tosaíodh ar oibreacha i gcomhar le Comhairle Chontae Chill Dara leis an

chosán a atógáil, le soilse nua a chur isteach thuas agus seirbhísí a chur faoi thalamh.

4.1.8 Loingseoireacht na Bearú

Mar chuid de na hoibreacha caipitil ar tugadh fúthu ar Loingseoireacht na Bearú,

cuireadh isteach fad 54m de ché áise ag Ard Reithe, gar do Bhaile Átha Í i gCo Chill

Dara, agus fad 84m de ché ar snámh ag Páirc Bhaile Cheatharlaigh. Rinneadh obair

mhór dreideála i gCeatharlach, agus ag Droichead Leithghlinne. Tosaíodh ar obair

chóirithe ar bhalla na cé agus ar an ché ag Loc Ráth Bhiondain agus ar an bhalla

coinneála ag Duga Tirim Ghrág na Manach. Tosaíodh ar ché nua a chur isteach ag

Muine Bheag.

Gach Réigiún

4.1.9 Trealamh/Feithiclí a Ceannaíodh

Le linn 2007 caitheadh €1.5 milliún ar bháid, ar threalamh tógála, ar threalamh

gearrtha lustán agus féir, agus ar fheithiclí. Cuireadh dhá inneall bainte lustán ar obair

i Réigiún an Oirthir, agus lorgaíodh iarratas ar thógáil agus ar sheachadadh dhá inneall

eile a chuirfear ar fáil in am do shéasúr gearrtha lustán 2008. Is mór a chuirfidh na

hinnill seo a fháil le hacmhainn chabhlach bainte féir Uiscebhealaí Éireann.

Le linn 2007 tógadh bád nua oibre don Réigiún Thuaidh, bád ilfheidhmeach atá faoi

theastas an Fhorais Gharda Cósta (MCA). Cuirfidh an soitheach so go mór leis an

acmhainn oibre ‘ar uisce’ atá ag Roinn na nOibreacha sa Réigiún seo.

26

Uiscebhealaí Éireann Tuarascáil Bhliantúil agus Cuntais 2007

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!