08.05.2015 Views

Annual Accounts for the year ending 31st December 2007

Annual Accounts for the year ending 31st December 2007

Annual Accounts for the year ending 31st December 2007

SHOW MORE
SHOW LESS

Create successful ePaper yourself

Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.

Caibidil 1

Intreoir

1.1 Cúlra

Tá Uiscebhealaí Éireann, an Foras Trasteorann Thuaidh / Theas is mó, freagrach as córas

uiscebhealaí ar fud an oileáin a chothabháil, a fhorbairt, a dheisiú agus a bhainistiú,

agus sin a dhéanamh chun críche na fóillíochta, den chuid is mó. Faoi láthair, tá sé

freagrach as na huiscebhealaí seo a leanas:

■ Loingseoireachta na Bearú;

■ An Éirne;

■ An Chanáil Mhór;

■ Loingseoireacht Íochtar na Banna;

■ An Chanáil Ríoga;

■ Uiscebhealach na hÉirne-na Sionainne; agus

■ Loingseoireacht na Sionainne.

Lena chois sin, iarradh ar Uiscebhealaí Éireann taighde agus measúnú a thionscnamh i

leith athchóiriú a dhéanamh ar Chanáil Uladh.

Ag cruinniú de chuid na Comhairle Airí Thuaidh Theas i mí Iúil 2007, thoiligh an

chomhairle dul ar aghaidh leis an athchóiriú a dhéanamh ar an chuid de Chanáil Uladh

idir Cluain Eois agus Uachtar Loch Éirne; thoiligh Rialtas na hÉireann costas caipitil

iomlán an tionscnaimh a chlúdach. Cuireadh le cúraimí Uiscebhealaí Éireann ina leith

seo; tá freagracht anois air as an athchóiriú, agus ina dhiaidh sin as an bhainistiú, an

chothabháil agus í a fhorbairt chun críche na fóillíochta.

1.2 Maoiniú

Faigheann Uiscebhealaí Éireann có-mhaoiniú ón dá cheantar dlínse; mar gheall ar

dháileadh na n-uiscebhealaí a bheith mar atá, is ón Deisceart a thagann 85% den

airgead, agus 15% ón Tuaisceart.

Tugann an dá cheantar dlínse maoiniú fao leith do thionscnaimh forbartha caipitil. Ar

leanúint ón Phlean Forbartha Náisiúnta 2000-2006 thosaigh Uiscebhealaí Éireann ar

chlár uiscebhealaí seacht mbliana faoin Phlean Forbartha Náisiúnta 2007-2013. Chuir

sé i gcrích fosta clár faoi leith forbartha caipitil i dTuaisceart Éireann, arna mhaoiniú ag

An Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta (RCEF).

Is é €35.6 milliún (£24.3 milliún) an caiteachas iomlán a bhí ag an Fhoras le linn 2007,

agus caitheadh €17.6 milliún (£12 milliún) ar thionscadail chaipitil.

Fuarthas €47.5 milliún (£32.4 milliún) ó na Ranna urraithe. Ghearr RCEF €0.4 milliún

(£0.3 milliún) de tháillí pinsin ar an Roinn Airgeadais agus Pearsanra.

Uiscebhealaí Éireann Tuarascáil Bhliantúil agus Cuntais 2007

7

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!