08.05.2015 Views

Annual Accounts for the year ending 31st December 2007

Annual Accounts for the year ending 31st December 2007

Annual Accounts for the year ending 31st December 2007

SHOW MORE
SHOW LESS

Create successful ePaper yourself

Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.

Caibidil 3

Na hUiscebhealaí a Chothabháil agus a Bhainistiú

den Daingean. Cuireadh bail fosta ar 70m eile de shaorchlár ar bhruach theas na

canála taobh thiar d’uiscerian Blundell ar an bhóthar ó Éadan Doire go Ráth Angain.

Cuireadh bail ar chuid 300m ar fad de chlaífort chainéal soláthair chanála Dhoire

Chualaigh, taobh thiar den 31ú loc agus rinneadh dreideáil ar chainéal soláthair na

Súile Báine gar do Bhaile Roibeard, Co Chill Dara, agus ar chainéal soláthair Bhaile

an Phlocaire gar do Ghleann a’ Rí, Co Chill Dara. Leanadh den dreideáil gheimhridh

ar Líne na Bearú; tosaíodh uirthi i mí na Samhna i mBaile Bhiocáire, Co Laoise, agus

leanfar de sin go dtí tús an tséasúir bhádóireachta i 2008.

I gceantar Átha Cliath, tugadh faoi obair chóirithe agus dheisithe ar bhallaí

ag an 1ú agus ag an 3ú loc i gcomhar le Comhairle Átha Cliath mar chuid de

chomhthionscnamh feabhsaithe cosán tarraingthe. Cuireadh isteach sreanga úra

tógála ag Loc Shráid Mount agus ag Loc Shráid Charlemont, ar an Chruinnlíne.

Rinneadh obair fheabhsúcháin ar an bhruach idir Droichead Digby agus Baile Landún

i gCo Chill Dara, rud a chuir leis an rochtain chuig an bhruach ag coisithe agus ag

innealra cothabhála Uiscebhealaí Éireann araon.

Loingseoireacht na Bearú

Tá Loingseoireacht na Bearú 65km ar fad, idir comair na Bearú agus Líne na Bearú/na

Canála Móire ag Baile Átha Í, Co Chill Dara, go dtí na réimsí taoide ag Tigh Moling Co

Cheatharlaigh. Tá 23 loc uirthi.

Tugadh ‘Bliain na Bearú’ ar 2007. An tUachtarán Mhic Giolla Íosa a sheol an bhliain sa

Ros Nua, Co Loch Garman. Eagraíodh imeachtaí feadh Loingseoireacht na Bearú leis

an bhliain a cheiliúradh, bádchruinniú mór san áireamh a d’eagraigh Cumann na mBád

Oidhreachta (HBA).

Tá iarratas ag Loingseoireacht na Bearú ar stádas mar Achar Speisialta Caomhnaithe,

mar sin, bhí gach obair le comhaontú roimhré leis an tSeirbhís um Pháirceanna

Náisiúnta agus Fiadhúlra chun bheith ag teacht leis an Treoir um Ghnáthóga ón

AE. Ceadaíodh dreideáil agus obair chosanta bruaigh ag Grág na Manach, Co Chill

Chainnigh. Le gurbh éasca an próiseas comhairle agus ceadaithe rinneadh ‘measúnú

cuí’ ar an tionchar a bheadh ag an chlár saothar a beartaíodh ar na speicis agus ar na

gnáthóga atá faoi chosaint na Treorach um Ghnáthóga.

Le cois na n-oibreacha siúd i 2007, cuireadh bail ar bhalla cé ag Droichead Ghuaire i

gCo Chill Chainnigh agus rinneadh obair chosanta ar an bhruach taobh thíos de Chlog

Reanáin i gCo Laoise.

16

Uiscebhealaí Éireann Tuarascáil Bhliantúil agus Cuntais 2007

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!