08.05.2015 Views

Annual Accounts for the year ending 31st December 2007

Annual Accounts for the year ending 31st December 2007

Annual Accounts for the year ending 31st December 2007

SHOW MORE
SHOW LESS

You also want an ePaper? Increase the reach of your titles

YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.

Réamhrá leis an Phríomhfheidhmeannach

Is cúis áthais agam Tuarscáil Bhliantúil agus Cuntais

Uiscebhealaí Éireann a chur i bhur láthair. Tugann an

tuarascáil seo tuairisc ar dhul chun cinn na heagraíochta le

linn 2007.

Tá borradh agus fás i gcónaí faoi úsáid agus faoi éagsúlacht

úsáide na n-uiscebhealaí, agus an iomad imeachtaí, idir

thraidisiúnta agus nua, ar siúl ar na loingeseoireachtaí,

leithéidí na hiascaireachta agus na clárseoltóireachta,

bádóireacht agus sciáil uisce. Bhí tuairim is 1500 iomaitheoir

páirteach i mí Iúil i triAthlone Uiscebhealaí Éireann, an tríatlan

is mó san Eoraip i 2007.

Tugadh faoi chláir deisithe ar fud an ghréasáin

loingseoireachta le heispéireas lucht úsáidte na

n-uiscebhealaí a fheabhsú. Ina measc sin bhí nuashonrú áiseanna fóillíochta, cosáin tarraingthe,

droichid choise agus fad 770m sa bhreis de chéanna nua. Caitheadh airgead nach beag chomh

maith ar chur leis an eispéireas loingseoireachta; rinneadh athbhreithniú agus atomhas ar na

córais mhárcála loingseoireachta, glanadh agus díríodh cainéil loingseoireachta agus coinníodh

an t-uisce ag an leibhéal cuí.

Bliain spreagúil eisceachtúil a bhí ann do Uiscebhealaí Éireann. Thoiligh An Chomhairle Airí

Thuaidh Theas dul ar aghaidh leis an obair athchothabhála ar an chuid sin de Chanáil Uladh idir

Cluain Eois agus Uachtar Loch Éirne, agus do Uiscebhealaí Éireann a tugadh freagracht as an

athchothabháil sin. Idir sin agus an obair leanúnach ar an Chanáil Ríoga a athoscailt, is mór a

chuireann an tionscnamh leis an chuspóir gréasán imeasctha, inloingseoireachta uiscebhealaí

intíre fud oileán na hÉireann a bheith ann. Cuireadh tús chomh maith leis an obair thógála ar ár

gCeannáras nua in Inis Ceithleann, áis a bhfuil an fhoireann ag súil go mór leis.

Tuigimid i dtólamh, mar sin féin, gurb é an rud is tábhachtaí againn ná timpeallacht an

uiscebhealaigh féin a bheith go maith. Tá dualgas mór orainn caomhnú agus bainistiú a

dhéanamh ar na huiscebhealaí mar acmhainní a bhfuil tábhacht náisiúnta agus idirnáisiúnta

oidhreachta leo. Chuir muid tús i 2007 le liosta a fhorbairt de na struchtúir oidhreachta, rud a

chuideos linn gach tionscnamh amach anseo a bhainistiú agus a dhearadh.

D’oibir foireann agus bainistíocht Uiscebhealaí Éireann go dlúth leis na Ranna urraithe lenár

gclár comhaontaithe do 2007 a chur i gcrích. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Ranna

urraithe sin, an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus An Roinn Chultúir, Ealaíon

agus Fóillíochta agus a nAirí siúd as a tacaíocht. Ba mhaith liom buíochas a chur in iúl fosta do

Chomhrúnaíocht Chomhairle na nAirí Thuaidh Theas agus a cuid oifigeach as a gcuid tiomantais

agus tacaíochta siúd. Mar is gnách, tá mo bhuíochas ag gabháil le foireann Uiscebhealaí Éireann

as a dtiomantas leanúnach, a ndíograis agus as an obair chrua a bhí mar bhunchloch ag gach

rud atá bainte amach ag an eagraíocht go dtí seo.

Níl aon amhras agam ach gurb iomaí dúshlán agus deis a bheas romhainn i 2008. Táimid i

gcónaí dírithe ar na caighdeáin is airde a bhaint amach do na huiscebhealaí atá faoinár gcúram.

John Martin

Príomhfheidhmeannach

Uiscebhealaí Éireann Tuarascáil Bhliantúil agus Cuntais 2007

5

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!