Victor Vasarely - Fondation Vasarely
Victor Vasarely - Fondation Vasarely
Victor Vasarely - Fondation Vasarely
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
10

Gyözö

Thaitin sé riamh le mo sheanathair, nó “Gyözö”, mar a

thugadh a bhean, Claire, agus a chlann mhac, André,

Jean-Pierre agus mé féin, air, go grámhar, eadrainn féin,

smaoineamh siar ar a ghaol leis an Ungáir agus le Pécs, a

chathair dhúchais, a raibh an oiread sin dá staire ar eolas

aige. D’aithris Victor Vasarely, a luaithe is a d’fhéad sé, na

rudaí a rug sé leis, a bhraith sé a bhí riachtanach, ar fhágáil

na hUngáire dó sa bhhliain 1930, ag triail ar Pháras, in aois

a 24 agus ní a 22, mar gur rugadh é sa bhliain 1906 agus ní i

1908, mar a mhaíodh sé agus é ag spallaíocht beagán...

Mheabhraíodh sé go caoin a laethanta bunscoile, an

t-oideachas a fuair sé i “scoil na saoránach”, arb ionann í

agus meánscoil, agus an tréimhse ghearr staidéir a chaith

sé i nDámh an Leighis. As sin amach b’í an Ealaín a mheall

é, agus roghnaigh sé foghlaim ó Alexandre Bortnyik, an sár-

Mháistir Ungáireach, a athsheachaid na príomhcheachtanna

ó Scoil Weimar Bauhaus go hAcadamh Muhëly i mBúdapeist.

Le linn trí bliana dianoiliúna, d’fhoghlaim sé ó Bortnyik na

bunphrionsabail ar a bhunódh sé a chumadóireacht, na

teicnící ar fad a shaothraigh sé go cúramach agus ba bhunús

leis an rath a bhí i ndán dó in ealaín na fógraíochta, ar an

gcéad dul síos, agus sna hamharcealaíona ina dhiaidh sin.

Ba sa Muhëly chomh maith a chas Victor Vasarely ar Claire,

dalta fíorchumasach eile, a phós é agus a thréig a cuid

oibre féin chun a dúthracht a chaitheamh le saothar a fir

nó gur bhásaigh sí sa bhliain 1990. Dátaíonn a cháil mar

amharcealaíontóir a aithnítear go hidirnáisiúnta ón mbliain

1955, agus bhronn sé sraith dá mhórshaothair ar Gordes

i 1970, ar Aix-en-Provence agus ar Pécs i 1976 agus ar

Bhúdapeist i 1986. Ba iad Fundúireacht Francach agus dhá

cheann de mhúsaeim Ungáireacha a dearadh go speisialta

dóibh a fuair na saothair seo.

Ar an gcaoi seo, léirigh sé a bhuíochas don dá thír ab

ansa leis; mhúscail tír amháin a mhórtas ina bhunús féin

agus chuir an tír eile ar a chumas saol a chaitheamh ar

son na hEalaíne. Saothar uilíoch is ea saothar Vasarely: i

bhfírinne, ba é a thionscain forbairt ar an nóisean “foirm

– dath” i dteanga a bhféadfadh an uile dhuine a thuiscint.

Bhain sé spreagadh riamh as traidisiún béil agus teanga

a thír dhúchais agus bhronn ainmneacha Ungáireacha

ar mhórchuid dá shaothair; ach b’iad araíonacht agus

éagsúlacht na tíre ina ndeachaigh sé chun cónaí a chuidigh

leis tionchar a imirt ar an domhan mór. Sin é an rud is léir

ón taispeántas taistil seo:

- i Músaem Ealaíne Dhún na nGall:

Iúil-Lúnasa,

- i bhFundúireacht Vasarely in Aix-en-Provence:

Meán Fómhair-Deireadh Fómhair,

- agus ar deireadh i Músaem Vasarely i bPécs:

Samhain-Nollaig.

Tá ár mbuíochas ag dul do na trí ionad Eorpacha seo, go

háirithe as na hiasachtaí a fuarthas ó mhúsaem na hUngáire

agus ó dhream beag daoine eile. Arís eile, cuirfidh an

méid a chruthaigh Vasarely draíocht ar na cuairteoirí agus

saibhreoidh a dtuiscint ar dhomhan na n-amharcealaíon.

Bhí sé de phribhléid agam féin agus ag mo bhean agus mo

pháistí tréimhse a chaitheamh um Cháisc 2005 lenár gcairde

Mireille agus John, in Ard an Rátha, a thug seans dúinn

aithne a chur ar Dhún na nGall. Mar sin ócáid chorraitheach

is ea í seo domsa filleadh ar an réigiún álainn cairdiúil seo

agus measaim go dtaitneodh sé le Victor Vasarely, a raibh

cion chomh mór sin aige ar an nádúr, mar a léiríonn an

tréimhse ar a dtugtar “Belle Isle”, Oileán na mBriotánach, a

Éire féin.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Músaem Vasarely

Pécs, agus lena Stiúrthóir, Mr Jozsef Sarkany, as an gcuidiú

iontach a fuarthas uathu; le Fundúireacht Vasarely, arna riar

ag Mr Xavier Huertas; – gan dearmad a dhéanamh ar Mr

Jacques Mandelbrojt, an t-amharcealaíontóir ó Marseilles

is cara liom. Gan a spreagadh siúd ní bheinn tar éis casadh

ar Adrian Kelly agus John M. Cunningham, coimeádaithe

Mhúsaeim Leitir Ceanainn agus an Glebe Gallery, chomh

pras sin chun na socruithe cuí a dhéanamh le go bhféadfaí

ómós a thabhairt “d’athair na hEalaíne Optúla” i 2008.

Pierre Vasarely