Victor Vasarely - Fondation Vasarely
Victor Vasarely - Fondation Vasarely
Victor Vasarely - Fondation Vasarely
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
16

An t-iomlán agus a chodanna

KROA MuLTICOLOR, 1963-68.

sreenprint on aluminium

50x50x50 cm

Collection of the

Vasarely Museum,

Pécs, Hungary

‘Ní bhíonn an gaol idir an méid a fheicimid agus an méid is

eol dúinn riamh socraithe.’ John Berger, Ways of Seeing.

Os mo chomhair amach tá míreanna mearaí in aimhréidh

agus neadaithe i mo lámh tá mír amháin. Tá mearbhall orm

(b’fhéidir gurbh iad manglaim na hoíche aréir is cúis leis),

ach táim ag déanamh mo sheacht ndícheall ciall a bhaint

as an méid atá os mo chomhair. Is eol dom gur cosúil le

míreanna mearaí ar bhealaí éagsúla an eolaíocht agus an

ealaín toisc go ndéanann siad anailís ar chodanna éagsúla

den domhan chun tuiscint a fháil air ina iomláine. Chun

míreanna mearaí a réiteach, nó chun fadhb san eolaíocht

nó san ealaín a fhuascailt, teastaíonn an cumas chun na

míreanna beaga atá cosúil le picteilíní a eagrú i bhfoirm

iomláin atá idir chuimsitheach agus shásúil. Ní raibh mé

riamh ró-iontach ag míreanna mearaí.

Pictiúr is ea na míreanna mearaí de phéintéireacht de

chuid Victor Vasarely, ‘Majus MC,’ (fíor 1, p14), cuid dá

shraith ‘Planetary Folklore’ ó na 1960idí. Cumadóireacht

ghliondrach agus dhathach de mhiondifríochtaí spásúla

is ea í. Pictiúr cearnógach atá ann agus é comhdhéanta

de shraitheanna ingearacha agus cothrománacha de

chruthanna i dteaglamaí dathanna in imeartas lena chéile.

Tá cosúlacht beagán réidh ar an saothar agus ní fheictear

éifeacht an doimhne ann ach nuair a bhíonn imeartas idir

dath dorcha agus dath geal. Is deacair an córas ar an bhfuil

an saothar seo bunaithe a thuiscint i gceart. Is aithnidiúil

domsa na cruthanna agus na foirmeacha simplí sa saothar

ach fós féin, tá cosúlacht aisteach ar an gcaoi a cuireadh le

chéile iad, amhail is go rabhthas ag iarraidh go gcealóidís

a chéile ar deireadh thiar. Ní féidir liom é a rá ar aon

bhealach eile. Dealraíonn sé go bhfuil gach foirm ag cealú

na foirme roimhe agus cuireann gach dath dúshlán faoin

gcéad dath eile. Is aisteach, mar sin, go bhfaightear braistint

soiléireachta, ar an iomlán, ón gcumadóireacht seo. Stánaim

ar na míreanna atá fágtha ach níl tuairim agat cad atá ar

siúl.

Tugaim faoi deara, más ea, nuair a chaithim súil níos

géire ar an bpictiúr go bhfuil sé bunaithe ar ord. San ord

sin tá sraith chioglach teaglamaí de fhoirmeacha agus de

dhathanna. Ag tosú ag an lár, uaine éadrom agus buí, agus

ina dhiaidh sin déanann an tsraith bís a ritheann ar deiseal,

agus feictear na luachanna datha céanna ag eatraimh

áirithe – go háirithe an grúpa buí éadrom de thrí chearnóg a

thosaíonn gach ciogal.

Agus mé ag streachailt le cnap cruinn míre amháin agus

ag déanamh tréaniarracht é a cheangal le mír eile, tuigim

nach ealaíontóir amháin a bhí i Vasarely ach matamaiticeoir

chomh maith. Bhí anailís déanta aige ar chéimseata agus

ar thoipeolaíocht an spáis, á bhriseadh síos go patrúin

cosúil le greille, ar a bhunaigh sé a phictiúir ina dhiaidh

sin. Bhí iarracht déanta aige cumas aireachtála an duine

a anailísiú, a thuiscint agus a léirmhíniú, le go dtuigfeadh

sé an comhghaolú díreach idir cúis agus éifeacht optúil.

Mheabhraigh sé uair amháin an draíocht a bhí ag gréasáin

línte dó agus é ina pháiste, nuair a chonaic sé iad mar

iseabair ar mhapaí aimsire agus in éifeachtaí gluaiseachta

a léireofaí i bhfoirm athruithe sa tírdhreach a d’fheicfí ó

thraein agus é ag gluaiseacht. Díol iontais do Vasarely ab

ea an smaoineamh seo de bheith in ann gluaiseacht agus

am a léiriú ar phlána cothrom, agus thug an spéis seo i

struchtúir dhinimiciúla air taiscéaladh a dhéanamh (amhail

eolaí ar bith) ar mhicreastruchtúr agus ar mhacrastruchtúr

an domhain timpeall air, a bhí ceilte ón tsúil um an dtaca

seo. “Braithim go bhfuilim i bhfad níos gaire don nádúr ná

mar a bheadh péintéir tírdhreacha ar bith,” a scríobh sé

uair amháin, “Tugaim aghaidh air ar leibhéal a struchtúir

inmheánaigh, ar leibhéal chumraíocht a chodanna.”

(Folklore Planétaire, p.20).