07.01.2013 Views

Victor Vasarely - Fondation Vasarely

Victor Vasarely - Fondation Vasarely

Victor Vasarely - Fondation Vasarely

SHOW MORE
SHOW LESS

You also want an ePaper? Increase the reach of your titles

YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.

Agus na míreanna mearaí seo os mo chomhair, déanaim

athmhachnamh ar ealaín Vasarely, an Ealaín Optúil. Beag

beann ar na daoine a chaitheann anuas air, gluaiseacht

spéisiúil ó thaobh na físe agus na hintleachta is ea í, sa

chuid is fearr di. Amhail formhór gluaiseachtaí sna 1960idí,

bhí a theoiric pholaitiúil féin ag an Ealaín Optúil mar

gheall ar dhul chun cinn sóisialta. Bhí tarraingt aige ar na

céadfaí, ar chéadfaí an uile dhuine. Dar le Vasarely “ba í an

ealaín plaisteach an phobail” agus tá a ‘Fhorógra Buí’ ón

mbliain 1954, maidir le daonlathú na healaíne, bunaithe ar

dhearcadh dearfach agus forásach i leith na teicneolaíochta,

na sochaí agus spiorad na healaíne. Bhraith sé gur nóisin do

lucht an bhuntáiste iad uathúlacht an tsaothair ealaíne agus

bainteacht phearsanta an ealaíontóra lena chur i gcrích.

D’oibrigh sé ar bhealach a bhí oiriúnach d’olltáirgeadh ag

próisis theicniúla na linne seo. Contrárthacht de chineál

a bhí ansin, dar le daoine áirithe; ealaín a dhéanamh a

bhainfeadh ó uathúlacht an réada ealaíne. Ach murab

ionann agus ealaíontóirí eile, níor choimeád Vasarely aon

olc istigh do chultúr na ndaoine, agus níor bhraith sé riamh

aon choimhlint mar gheall ar a chuid oibre. Ní raibh aon

chomhghéilleadh á dhéanamh aige maidir leis féin ach

oiread; deis a bhí ann, dar leis, dul i bhfeidhm ar líon níos mó

daoine.

Chuir sé roimhe ina chlár oibre ealaíonta cuid den saol

laethúil a dhéanamh den ealaín agus í so-aimsithe ag cách.

Bhí sé den tuairim docht go bhféadfaí an ealaín agus an

domhan a thabhairt le chéile i gcroíthe na ndaoine ach iad a

mhealladh chun leas a bhaint as aireachtáil na súl. Dá bharr

sin, ba le héifeachtaí optúla a chaith sé a dhúthracht. Ealaín

an eispéiris spontáinigh.

Anois dealraíonn sé go bhfuil ag éirí níos fearr liom le

cnapaí agus imlínte comhairde na míreanna. Sin an toradh,

b’fhéidir, ar shocrú go gceanglóinn na píosaí ciumhaise i

dtosach báire. Ar an gcaoi seo, táim ag teacht ar an tuiscint

ní amháin go gcuireann ealaín Vasarely dúshlán faoinár

gcumas aireachtála, ach go bhféadfadh sí castacht an

domhain timpeall orainn a chur abhaile orainn. Comhartha

sóirt dá shaothar is ea an chomhlint, idir iarracht leanúnach

na súl, ar iarracht in aisce í, idirdhealú soiléir a dhéanamh

idir dhá staid aireachtála atá ag teacht salach ar a chéile.

Má labhraím i dteanga shíceolaíocht na haireachtála (Teoiric

Gestalt), féadfaidh ár n-inchinn teacht ar réitigh spásúla

malartacha mar thoradh ar an spreagthach céanna. Nuair

a fheicimid an saol i dtrí thoise, cuirtear iachall orainn

réiteach spásúil amháin nó eile a roghnú ach ní chloímid le

haon réiteach amháin riamh. Chun é sin a thástáil, chuir

mé na míreanna mearaí i leataobh nóiméad agus thóg

amach mo leabhar nótaí. Le peann luaidhe, tharraing mé

dhá chearnóg idircheanglacha a bhí díreach mar a chéile

agus ceithre líne chomhthreomhara dá gceangal (féach

fíor ii, p20). Is é sin Ciúb iomráiteach Necker (a dtáinig an

criostalóir Eilbhéiseach, L.A. Necker, air sa bhliain 1832).

Agus mé ag stánadh ar an líníocht, dealraíonn sé go bhfuil

cearnóg amháin ag cúlú uaim isteach sa phictiúr, agus go

bhful an ceann taobh léi á brú féin amach as. Tá sé tuirsiúil

a bheith ag amharc ar an íomhá seo ar feadh i bhfad, mar níl

ar chumas na hinchinne dhá struchtúr contrártha a aithint

– an íomhá a fheiceáil mar íomhá cothrom ar leathanach.

Tagraíonn Vasarely don éifeacht seo mar ‘Trompe-l’Oeil’

(síorghluaiseacht) nó na “croití mothúchánacha” a leanann

“a chéile gan idirlinn.” Baineann a phictiúir úsáid as gléas

comhchosúil a leagann a leithéidí d’éilimh ar radharc na

súl go n-éirímid meabhrach d’obair na súl, agus déantar

fíorábhar an phictiúir dár gcumas radhairc.

Tá creat na míreanna mearaí os mo chomhair amach anois

agus é nach mór críochnaithe. Neadaithe i mó lámh tá

an mhír dheiridh. Seo an mhír is ansa liom, mar nuair a

chuirfidh mé síos í beidh idircheangal cioglach míreanna

cruthaithe agam, gan tús, gan chríoch. Faighim spléachadh

ar iontas a struchtúir. An rud a líonann an taobh istigh den

phuzal ar a dtugtar ‘Majus MC’, nílim ró-chinnte de fós, ach

is eol dom go bhfuil sé éagsúil agus casta. Caithfidh mé a

admháil go bhfuilim ag tosú ag baint taitnimh as an bpuzal

seo, agus ag an nóiméad seo, braithim níos gaire ná riamh

do thuiscint ar ardéirim Vasarely – máistir-déantóir na

míreanna mearaí. Agus tá sé go hálainn!

John M. Cunningham

Regional Cultural Centre

Adrian Kelly

The Glebe House & Gallery

17

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!