Spreagtar an fhoireann i leith agus bhéitear ag súil le: ● ● ● ● Seirbhís ghairmiúil, éifeachtúil agus múinte a chur ar fáil do chustaiméirí Torthaí cáilíochta a sheachadadh Freagracht a ghlacadh Nuálaíoch agus foghlaim ● Na caighdeáin arda gníomhaíochta – atá de réir tréithe na seirbhísí Ranna, a chaomhnú. Ina chúiteamh sin, féadfaidh an fhoireann a bheith ag súil le cothromas pá agus coinníollacha agus próisis bhainistíochta daonna bunaithe ar thuillteanas, deiseanna forbartha scileanna, solúbthacht oibre, trédhearchacht maidir le rólanna, comaoineacha agus cóireáil ómósach. Tá an Roinn ag díriú ar na cuspóirí a bhaint amach trí thimpeallacht oibre a chruthú, bunaithe ar chomhpháirtíocht, áit a spreagtar gach ball foirne páirt a ghlacadh i leagan síos na gcuspóirí agus i gcruthú na mbealaí ina ndéanfar iad a chomhlíonadh, agus tacaíocht oiliúna agus forbartha a fháil lena (h)acmhainneacht a bhaint amach. Leis an ról seo a chomhlíonadh, shainaithin an Rialtas líon deiseanna lárnacha, ina theannta uiledhearcadh Rialtais, comhoibriú foirne, cinnteoireacht/breith a thabhairt, daoine a bhainistiú agus a fhorbairt. Uiledhearcadh Rialtais Tá gníomhaíochtaí laethúil an Rialtais agus na polasaithe straitéise daonna agus forbairt foirne spreagtha ag an bpríomhchumas seo a thugann i dtreis: ● ● An cumas radharc Rialtais uile a bheith ann, léirthuiscint ar an gclár leathan agus ar an timpeallacht sheachtarach An cumas díriú ar ghnéithe pholasaithe atá mar luach tábhachtach straitéise ag léibhéal náisiúnta ● An cumas príomhcheisteanna trasranna a chomhordú, a stiúradh agus a fhorbairt. Táimid ag díriú ar dheimhniú a thabhairt go gcuireann ár gcomaoin ar an bhforbairt agus ar chur i ngníomh pholasaí an Rialtais le gnóthachtáil ár spriocanna náisiúnta agus idirnáisiúnta trí: ● ● ● ● ● Comhairle a chur ar an Taoiseach faoi cheisteanna pholasaí ar leith agus comhlántacht thar an gclár Rialtais Ag tacú le forbairt dearcaidh pleanála fadtéarmach agus comhoibriú idirghníomhaireachta i mbunú agus i gcur i ngníomh polasaithe Ag stiúradh agus ag glacadh páirt i ngníomhaíochtaí trasroinne, chomh maith le tacú leis an gcóras Coiste Chaibinéid Ag aithint na luachanna agus leasa éagsúla agus in amanna iomaíochtúla i bpolasaí poiblí agus seachadadh seirbhíse, go mór mór tríd an obair maidir le comhpháirtíocht shóisialta Ag deimhniú go bhfuil leanúnchas agus cur le chéile idir na cuspóirí polasaí éagsúla agus na polasaithe idirghníomhaíochta, agus go n- aistrítear na polasaithe isteach i soláthar agus seachadadh seirbhísí cuí atá leanúnach agus ag teacht le chéile ● Ag glacadh páirt i raon trasranna foirne agus coistí. Faoi láthair glacann an Rialtas páirt in ós cionn 100 coiste den chineál seo. Comhpháirtíocht Dlúthchomhoibriú idir: ● ● Na rannáin sa Rialtas Struchtúir inmheánacha cosúil leis an gCoiste Comhairleorachta Bainistíochta, an Príomhoifigeach Gréasáin, an Coiste Comhpháirtíocht, na foghrúpaí agus ionadaithe foirne, agus ● Na príomhimreoirí sa timpeallacht níos leithne tá sé seo riachtanach do chomhlíonadh éifeachtúil fheidhmeanna an Rialtais. Tá an Rialtas ag leanúint chun an caidreamh seo a fhorbairt, le cinntiú go bhfuil an comaoin a dhéantar gairmiúil, go gcuireann sé luach leis agus go léironn sé meas ar na freagrachtaí agus ar shaineolas daoine eile.. Feidhmíocht Le feidhmíocht agus dul chun cinn a mheas i gcomhair na gcuspóirí, baineann an Rialtas leas as an-chuid teicnicí agus táscairí, mar atá leagtha amach sa Ráitéas Straitéiseach. Le déanaí cuireadh an dualgas ar an bPríomhoifigeach Gréasáin an chreatlach mhonatóireachta ghníomhaíochta a fhorbairt. Léiríonn na caibidil seo a leanas an dul chun cinn maidir leis na cuspóirí sin a bhaint amach le linn 2003. 8 Department of the Taoiseach
C aibidil 2 Cúspóir Straitéiseach Iomlán 1 ag tacú leis an Rialtas "...an chéad shamhail riaracháin r-sheirbhísí comh-aireachta chomhtháite dá léithéid sa domhan" Department of the Taoiseach 9