25.10.2014 Views

strategy statement - Department of Taoiseach

strategy statement - Department of Taoiseach

strategy statement - Department of Taoiseach

SHOW MORE
SHOW LESS

You also want an ePaper? Increase the reach of your titles

YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.

Críochnaíodh agus síníodh an Cuntas Leithreasaihte

2002 ag an Oifigeach Cuntasaíochta agus cuireadh

faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste é ar

son iniúchadh leis an spriocdháta 31 Márta 2003. Ní

raibh aon torthaí codarsnacha maidir leis na cuntais

ó 2002. De réir riachtanais an dlí, tá Prapthuairisc

íocaíochta an Oifigigh Airgeadais mar aguisín sa

tuarascál seo.

Feabhsaithe sa Bhainistíocht Airgeadais

Tá an Roinn i measc na gCeannairí ó thaobh dul

chun cinn le cur i ngníomh na samhla nua

bhainistíocht airgeadais do na Ranna Rialtais- an

Chreatlach Bhainistíocht Faisnéise (nó MIF).

Críochníodh céim I den togra Mí Iúil 2002, nuair a

chríochnaigh an Roinn cur i ngníomh Córais nua

Bainistícht Airgeadais, nua-aimseartha agus

comhtháithe. Cuimsíonn an córas Ceannach

Comhtháithe, Cuntais iníoctha, Mórleabhar

Ginearálta, Costais Idirlín agus modúil Shócmhainn

Sheasta agus ceadaíonn sé próisealadh idirbhearta

atá níos éifeachtaí agus sruthlíneach, chomh maith

le díbirt próisis agus páipéarachais atá

neamhriachtanach, agus bainistíocht chistí le cinntiú

go mbainfí na spriocanna a bhaineann le luach ar

airgead amach (VFM). Le linn 2003, lean an obair ag

leabú na próiseas agus na gnáthaimh a tugadh

isteach faoin MIF thar na Ranna. Chuimsigh an obair

seo oiliúint leanúnach foirne, forbairt cumais

tuairisceoireachta feabhsaithe agus úsáid éifeachtúil

na faisnéise bainistíochta a cuireadh ar fáil faoin

gcóras nua.

Ghlac foireann ón Roinn Airgeadais ról gníomhach i

roinnt Ghrúpaí tras-Rannacha, a mhaoirsigh cur i

ngníomh an MIF thar an Státseirbhís.

Iniúchadh Inmheánach

Maidir le rialú airgeadais, rinneadh trí iniúchadh agus

beart amháin luach ar airgead i 2003. Is iniúchtaí ar

Fearais Ríomhaireachta, Siamsaíocht Stáit, Seirbhísí

Teachtaire agus Ceiliúradh na Mílaoise a thabhairt

chun críche a bhí iontu. Astu seo, glacadh le trí

thuarascál ag an gCoiste Iniúchóireachta agus

cuirfear críoch le ceann eile i 2004. Bhuail an

Choiste Iniúchóireachta Inmheánach le chéile Mí

Eanáir agus Deireadh Fómhair 2003. Cuireadh Plean

Gnó an Iniúchaidh Inmheanach, an Tuarascáil

Bhliantúil do 2003 agus litríocht faisnéise ginearálta

faoin iniúchadh inmheánach ar inlíon na Ranna.

Leanadh le hoiliúint fhorleathan i 2003 agus

chríochnaigh an Iniúchóir Inmheánach cúrsa teastais

i scileanna iniúchta.

Soláthar Faisnéise Lárnach agus Seirbhísí

Teicneolaíochta Cumarsáide (ICT)

Le go bhféadfaí buntáistí na teicneolaíochta a

uasmhéadú, tugadh líon mhaith eochairthograí chun

críche i 2003. Thacaigh na tograí seo, agus iad ag

teacht le torthaí an athbhreithnithe straitéise don

fheidhm ICT a cuireadh i gcrích i 2002, leis an gnó

go díreach ó thaobh seachadadh seirbhíse

éifeachtúil agus éifeachtach nó chuir siad leis an

bhfeabhas ar bhonneagar ICT na Ranna go

gonearálta.

Chuimsigh na tograí:

Togra suntasach curtha i gcrích le feabhas a chur

ar bhonneagar fisiciúil ICT

Tús leis an gcéad chéim ar Chlár Feabhais

Slándála

Forbairt Eislín don Rúnaíocht Chomh-aireachta

agus soláthar líon nua bunachar sonraí le tacú

leis na riachtanais gnó

Tús le Clár mór Athsholáthair PC

Tionscnaimh Nua

Tá líon tionscadail beartaithe don bhliain seo

chugainn, a dhíríonn ar an tseirbhís a fheabhsú do

na custaiméirí inmheánacha agus seachtracha, a

chuimsíonn críoch a chur leis an tionscnamh R.-

Chomh-aireachta, ag tacú le hUachtaránacht ar an

AE, agus ag leanúint le huasgrádú a dhéanamh ar

an gCóras Bainistíochta Ábhair taobh thiar de

shraith shuíomhanna gréasáin na Roinne.

Seirbhís Archaighdeáin Do Chustaiméirí

Leanann an Roinn uirthi ag soláthar seirbhís den

scoth do na custaiméirí inmheánacha agus

seachtracha, ag comhlíonadh na leibhéil seirbhíse ar

leith mar atá leagtha amach sa Phlean Gnímh

Custaiméirí 2001-2004 (ar fáil ag

www.taoiseach.gov.ie). Bhuail an Grúpa Seirbhíse

Archaighdeáin Do Chustaiméirí (QCS), fochoiste de

chuid an Choiste Chomhpháirtíochta, le chéile le linn

na bliana leis an QCS sa Roinn a fhorbairt.

Dhírigh an fócas sa dara chuid den bhliain ar

fhorbairt Cairt Custaiméirí don Roinn seo, de réir

geallúntais an Rialtais, cairteanna a fhorbairt do na

Ranna agus na Gníomhairí uile. Tionóladh

dianchomhairliúchán leis na custaiméirí seachracha

agus leis na geallsealbhóirí, le cinntiú go

50

Department of the Taoiseach

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!