25.10.2014 Views

strategy statement - Department of Taoiseach

strategy statement - Department of Taoiseach

strategy statement - Department of Taoiseach

SHOW MORE
SHOW LESS

You also want an ePaper? Increase the reach of your titles

YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.

an bPáipéar Bán le haghaidh na Ranna/Oifigé, an

Grúpa Ard-Leibhéal um Rialáil, na Comhpháirithe

sóisialta, rialtóirí earnála agus páirtí leasmhara

eile. Bhí faomhadh an Rialtais ar an bPáipéar Bán

Mí na Nollag 2003 mar thoradh ar obair an

Ghrúpa.

Leagann an Páipéar Bán 6 Prionsabal Lárnach

amach- Riachtanas, Éifeachtúlacht,

Comhréireacht, Trédhearcacht, Cuntasacht agus

Leanúnchas, a shainaithin an Rialtas mar

ghnéithe riachtanacha i bpolasaí rialúcháin

reatha agus sa todhchaí agus i gceapdh

bpolasaithe in Éirinn. Leagann an cháipéis amach

plean cuimsitheach gnímh don chaighdeán ar

rialúchán nua agus atá ann a fheabhsú agus an

próiséas rialúcháin sna blianta atá amach

romhainn. Bunófar Grúpa um Rialáil Níos Fearr

bunaithe ar an tuarascál leis an cur i ngníomh an

phlean gnímh a mhaoirsiú agus a stiúradh.

Roinnt de na príomhghníomhaíochtaí ag teacht

as an bPáipéar Bán ná tabhairt isteach anailís

iarmharta rialála, athbhreithnithe córasacha nua

ar rialacháin, feabhsaithe ar rialacháin earnála,

simpliú próisis riaracháin agus cláir eile

d’Athbhreithniú Dlí Reachtach.

Tá Páipéar Bán an Rialtais ar Rialáil Níos Fearrchomh

maith le Foilsiúcháin eile ar Rialáil Níos

Fearr ar fáil ag www.betterregulation.ie

An tSamhail anailíse iarmharta rialála

Dhírigh an Grúpa Ard-leibhéal um Rialáil freisin

ar fhorbairt Chóras Anailíse Iarmharta Rialála

(RIA) mar a bhí molta ag an OECD ina thuarascál.

Ceann de na gealltanais a rinneadh i bPáipéar

Bán an Rialtais ná polótacht agus príomhsruthú

a dhéanamh ar shamhail den RIA a bheadh in

oiriúint don tSeirbhís Phoiblí Éireannach.

Is dianmheasúnú córasach ar rialacháin molta,

sula ndéantar iad a achtú atá san RIA.

Dréachtadh samhail phiolótach den RIA in

oiriúint don chomhthéacs Éireannach faoi

chomaoin an Ghrúpa Ard-Leibhéal. Bhreithnigh

an Grúpa um Chur i gCrích d’Ard-Rúnaithe an

tsamhail RIA. De réir an gealltanas a tugadh sa

Pháipéar Bán, táthar ag súil leis go dtosóidh an

treoirthionscadal go luath i 2004, le scaipeadh

níos leithne ag teacht i ndiaidh an ghnó

piolótaigh.

Oiliúint ar Rialacháin Níos Fearr agus Ardú

Feasachta:

Lean an Roinn ar aghaidh ag cur go mór leis an

Oiliúint ar Rialacháin Níos Fearr agus Ardú

Feasachta i 2003 trí sheachadadh modúil ar na

cúrsaí Anailís polasaí agus Phróiseas Reachtach

san Ionad le haghaigh Forbartha Bainistíochta

agus Eagrúcháin (CMOD). Chuir an Roinn freisin

le dearadh agus seachadadh an Chláir M.A. san

Eolaíocht Gheilleagrach san Anailís Bearais

Phoiblí, faoi láthair á rith ag an IPA in éineacht

leis an Roinn Tráchtála, Ollscoil na hÉireann,

Baile Átha Cliath.

Shocraigh an Roinn, a chonaic roimh ré an gá le

tógáil air agus cur le scileanna nua a bheadh de

dhíth le déileáil le cur chuige athraitheach ar

Rialacháin Níos Fearr, go bhfreastalódh líon

státséirbhíseach i mBealtaine 2003, ar chúrsa

curtha in oiriúint go hiomlán do Rialacháin,

seachadta ag saineolaithe as Scoil na

nEacnamaíochtaí i Londain. Bunaithe ar an

oiliúint seo, bunófar grúpa saineolaithe ar

Rialacháin Níos Fearr, agus déanfar an saineolas

a scaipeadh tríd an Státseirbhís.

Athbhreithniú Dlí Reachtach:

Thionól an Roinn, i gcomhar le hOifig an tArd-

Aighne, seiminéar ar an bPróiseas Athráitis Dlí

Reachtach Mí Eanáir 2003. Rinneadh cur i láthair

ar an gcomhthéacs le haghaidh Athráitis Dlí

Reachtach, forálacha an Bhille Athráitis Dlí

Reachtach, agus feidhmiú ceart na huirlise

Athráitis Dlí Reachtach.

Bainistíocht Airgeadais

Lean an Foghrúpa Ard-Rúnaithe um Bhainistíocht

Airgeadais, atá á chomhordú ag an Rialtas, ag

bualadh le chéile le linn na bliana. Lean an foghrúpa

ag maoirsiú an chomhtháthú éifeachtúil leasuithe

maidir le bainistíocht airgeadais, a chuimsíonn an

chreatlach Fhaisnéise Bhainistíochta, taobh istigh

den Chlár um Nuachóiriú Seirbhíse Poiblí. Rinne an

Grúpa tuairisciú ar bhonn rialta don Ghrúpa Ard-

Rúnaithe um Chur i gCrích.

I measc na bhforbairtí eile bhí:

Department of the Taoiseach 39

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!