strategy statement - Department of Taoiseach
strategy statement - Department of Taoiseach
strategy statement - Department of Taoiseach
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
Aguisín 8: Cairt Custaiméara Ranna an Taoisigh

Tá Roinn an Taoisigh tiomanta i dtaobh seirbhís ghairmiúil, éifeachtúil agus chúirtéiseach a

sholáthar dár gcuid custaiméirí uile.

Is é ár sainordú ná tacaíocht a thabhairt don Taoiseach ina ról bunreachtúil agus searmanais mar cheannaire an

Rialtais agus le cabhrú leis agus é ag soláthar ceannaireacht éifeachtúil, comhordú agus treoir thar na príomhréimsí

pholasaí. Gníomhaíonn foireann na Ranna go díograiseach agus go neamhchlaonta ar son an Taoisigh, Rialtais an lae,

na n-Airí Stáit, eagraíochtaí eile an Stáit agus an phobail ghinearálta, ag gníomhú i gcónaí le dúthracht, éifeachtacht

agus cúirtéis.

Ár ngealltanais dár gcuid custaiméirí

Táimid ag díriú ar sheirbhís den scoth a chur ar fáil a léiríonn bhur riachtanais agus dóchais. Leis seo a bhaint amach,

tugaimid na gealltanais seo a leanas:

Forbairt Polasaí agus Cur i nGníomh

Déanfaimid iarracht a chinntiú go gcuireann ár gcúnamh san

fhorbairt agus cur i gníomh polasaí Rialtais luach le baint amach

na spriocanna náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Teagmháil leis an Roinn

Cuirfimid sonraí faoi ról/feidhm na foirne sna foilsiúcháin

ábhartha agus ar an suíomh gréasáin agus sonraí teagmhála ar

leith I ngach comhfhreagras.

Ag Tabhairt Freagra duit

Gheobhaidh tú freagra soiléir, tráthúil agus beacht ar gach

comhfhreagras, ríomhphoist san áireamh. Má bhaineann do

chomhfhreagras le hábhar a thagann faoi réim comhlachta

poiblí eile, cuirfear ar aghaidh é agus cuirfear ar an eolas thú

dá réir. Má dhéanann tú teagmháil linn ar an nguthán, pléfidh

foireann chúirtéiseach agus chabhraíoch le do cheist gan

moill, nó muna bhfuil siad in ann plé le do cheist, socrófar go

bpléfidh duine eile leis.

Cruinnithe

Tionólfar agus reachtáilfear cruinnithe go héifeachtúil agus go

héifeachtach. Féadfaidh tú bheith ag súil le háiseanna cruinnithe

den scoth, fógraí tráthúla agus scaipeadh cáipéisí roimh gach

cruinniú atá soiléir agus beacht.

Cuairteoirí chun na Ranna

Pléifear le gach cuairteoir chun na Ranna i mbealach cúirtéiseach

agus déanfar iad a threorú go tapa chuig an ceannscríbe.

Cuirfear áiseanna fáiltithe ardchaighdeáin ar fáil, a chuimsíonn

soláthar cuí do dhaoine le míchumais.

Seirbhíse Meán

Cuirfimid mionteagaisc cuimsitheach agus tráthúil ar pholasaithe

agus gníomhaíochtaí Rialtais ar fáil do bhaill na mean. Beidh

foireann chuí ar fáil freisin le cinntiú go bhfaigheann tú freagra

sciobtha agus sásúil ar do chuid ceisteanna.

An Ghaeilge

Cinnteoimid gur féidir leo siúd a dteastaíonn uathu a ngnó a

dhéanamh trí Ghaeilge é a dhéanamh.

Suíomhanna Gréasáin agus Foilsiúcháin

Cuirfimid suíomhanna gréasáin inrochtana, eolasach agus

úsáideach ar fáil. Cinnteoimid go bhfuil na foilsiúcháin soiléir

agus beacht, ag freagairt do riachtanais an úsáideora agus go

bhfuil siad ar fáil ar an suíomh gréasáin.

Turais ar Fhoirgnimh an Rialtais

Cuirfimid turais eolasach ar fáil ar fhoirgnimh an Rialtais,

treoraithe ag treoraí cáilithe, a chinnteoidh gur taithí dhearfach é

do chuairt.

Éagsúlacht agus Comhionannas

Léireófaí meas ar na prionsabail a bhaineann le comhionannas

agus le héagsúlacht ár gcuid gcustaiméirí I seachadadh ár

seirbhísí.

Soláthreoirí

Cuirfimid nósanna tairisceana/ceannaigh i bhfeidhm atá soiléir,

neamhchlaonta agus trédhearcach.

Monatóireacht agus Tuairisciú

Forbraíodh an cairt seo de thoradh ar chomhairliúchán le réimse leathan custaiméirí. Tá critéir sainmhínithe againn a chabhraíonn measúnú a dhéanamh ar

ár bhfeidhmíocht i gcoinne na ngealltanais agus cuirfear suirbhé chuig ár gcustaiméirí go rialta faoi chaighdeán na seirbhísí a sholáthraímid. Déanfar

tuairisciú ar ár bhfeidhmíocht i gcoinne na ngealltanais seo uile sa tuarascál bhliantúil.

Fáiltímid roimh do chuid léirmheasanna agus moltaí faoin gCairt seo, nó faoi aon cheann de na seirbhísí a chuirtear ar fáil. Tá gnáthaimh againn freisin le

freagra a thabhairt ar on ghearán a d’fhéadfaí a bheith agat.

Mar chúiteamh, bímid ag súil leis go bpléfear leis an bhfoireann againne le cúirtéis agus le meas.

70

Department of the Taoiseach