25.10.2014 Views

strategy statement - Department of Taoiseach

strategy statement - Department of Taoiseach

strategy statement - Department of Taoiseach

SHOW MORE
SHOW LESS

You also want an ePaper? Increase the reach of your titles

YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.

Straitéis Acmhainní Daonna

D’fhorbair an gluaiseacht i dtreo cur chuige níos

forásaí i mBainistíocht Acmhainní Daonna (HRM),

mar a samhlaíodh leis an tionscamh Bainistíocht

Straitéiseach, a móiminteam i 2003 le críoch an

Phlean Straitéise HR agus Forbairt Foirne. Tá an

straitéis HR ar aon dul le Ráiteas Straitéise na

Ranna, Pleananna Rannáin Ghnó agus

príomhchumais eile. Cuireadh le chéile é trí

chomhairle forleathan a fháil ón bhfoireann (An

Coiste Comhpháirtíoch san áireamh agus

pobalbhreith curtha in oiriúint don fhoireann) agus

seoladh é i 2003. Is meicníocht thábhachtach é an

straitéis seo le cinntiú go bhfuil an cumas agus an

tiomantas ann le gníomhaíocht na heagraíochta a

uasmhéadú. Cuimsíonn sé plean tionscadail don

chur i gcrích agus geallúint le tuairisciú ar dhul chun

cinn go bliantiúil, chomh maith le dul chun cinn ar

tionscnaimh nua. Déantar é a mheas trí réimse

tascairí méadracha/gnímh de chuid HR. Athraíodh

an Scéim Aitheantais Foirne freisin i 2003 agus

cuireadh ar aon dul é le Straitéis HR na Ranna.

Maidir le riaracháin HR, chabhraigh an córas nua

ríomhairithe sa Bhainistíocht Acmhainní Daonna (a

cuireadh i gcrích go rathúil Mí Márta 2003) le

seirbhís níos éifeachtaí, ar chaighdeán níos airde a

chur ar fáil do na custaiméirí inmheánacha agus

seachtracha.

I gcaitheamh na bliana ar fad, dréachtadh conarthaí

nua agus conarthaí athnuaithe fostaíochta don

fhoireann a bhí lonnaithe sa Roinn, sna hOifigí agus

sna hEagrais, de réir riachtanais. Tionóladh cúig

agallamh iomaíoch inmheánach le linn na bliana.

Rinneadh gach iarracht Oifigigh a lonnú i Rannóga

de réir a gcuid scileanna, chomh maith leis an

fhoireann a shocrú a bhí ag baint leasa as na

scéimeanna cothromaíochta oibre-saoil (mar

shampla roinnt poist, tráthanna oibre inathraithe

srl.) Aistríodh an Chomhpháirtíocht Éire-Talamh an

Éisc isteach sa Roinn seo ó bheith faoi chomaoin na

Ranna Fiontair, Trádála agus Fostaíochta.

Leanann an Roinn uirthi ag cothú agus ag caomhnú

gaol seasmhach agus comhoibritheach le fostaithe,

bíodh sé trí chomhpháirtíocht, imeachtaí caidrimh

tionsclaíocha nó trí ghnó laethúil. .

Comhionannas

Bunthacaíonn an prionsabail comhionannais polasaí

acmhainní daonna an Rialtais de réir na

reachtaíochta comhionannais, Polasaí

Comhionannais Inscne an Rialtais agus polasaí

Rialtais eile, mar shampla Éagsúlacht sa Státchóras.

Déantar monatóireacht ar dhul chun cinn maidir le

cur i ngníomh an Pholasaí Comhionannais Inscne ar

bhonn gach sé mhí ag an gCoiste Bhainistíocht

Comhairliúcháin trí Chomhpháirtíocht. Is é an

eochair le cinntiú go ndéanfaí acmhainneacht na

foirne a uasmhéadu.

Déanann an Roinn monatóireacht ar

mhíchothromaíocht inscne a thagann chun cinn sna

grádanna uile. De réir na himní atá ann go forleathan

maidir le míchothromaíochta a thagann chun cinn

maidir le roinnt mhná i bpostanna bhainistíochta

sinsireacha, tá spriocanna inscne curtha i bhfeidhm

le fráma ama táscach 2010, sé sin:

Príomhaí: an chomhréir ionadaíochta ban a

mhéadú sa ghrád Phríomhaí ó 27% go 40%. Faoi

láthair sáraíonn an Roinn an figiúr seo le

hionadaíocht bhaineann

Príomhaí cunta: monatóireacht a dhéanamh ar

shruthanna ón Oifigeach

Phríomhfheidhmeannaigh/grádanna Oifigigh

Riaracháin, leis an mórchuspóir cothromaíocht

inscne uile a chaomhnú (fé mar atá sa Roinn seo

faoi láthair).

Trí phlé leis an Státchóras agus an Coimisiún

Ceapacháin Áitiúil agus

Eagraíochtaí leasmhara eile, le hiarracht a

dhéanamh comhionannas a chur ar fáil ag

leibhéal earcaíochta.

Tá na spriocanna seo faoi réir coinníollacha

sáraitheacha a bhaineann leis an bprionsabal ardú

céime.

Sheas an chothromaíocht inscne uile sa Roinn ag

31% Mí na Nollag 2003 ag 36% fireann agus 64%

baineann (74 fear agus 130 ban faoi seach).

Sáraíonn an Roinn faoi láthair sprioc

cothromaíochta inscne an Rialtais le 1/3 postanna

Príomhaí cunta (AP) le líonadh ag mná roimh 2005

(faoi láthair is mná iad 44% de na Aps sa Roinn).

Maidir le spriocanna comhionannais eile atá i

bhfeidhm, comhlíonadh an cuóta de 3% le

fostaíocht a chur ar fáil do dhaoine le míchumais

agus sáraíodh é i 2003.

Oiliúint agus Forbairt

De réir Chreatlach Oiliúna agus Forbartha don

Státchóras 2004 go 2008, tá sé tábhachtach go

gcinntímid mar Roinn cultúr leanúnach foghlama a

48

Department of the Taoiseach

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!