strategy statement - Department of Taoiseach
strategy statement - Department of Taoiseach
strategy statement - Department of Taoiseach
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
Thug Gnóthaí Corparáideach staitisticí ar ais, de réir

riachtanais, ar inscne/míchuamis chuig na Ranna

Airgeadais, Dlí agus Cirt agus Athchóirithe Dlí. Ina

theannta chloigh an Roinn le treoracha uile

ábharthacha an AE.

Tá comhaid ós cionn 30 bliana d’aois á n-aistriú

chuig an Chartlann Naisiúnta le go gcuirfí ar fáil iad

don iniúchadh poiblí, de réir an Achta um Chartlann

Náisiúnta, 1986. Aistríodh iomlán de 720 comhad nó

codanna dóibh i 2003.

Saoráil Faisnéise

Éilíonn an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus

an tAcht um Shaoráil Faisnéise (Leasú), 2003

cearta an phobail rochtain a fháil ar fhaisnéis

oifigiúil chomh fada agus is féidir, ag teacht le leas

an phobail agus an ceart ar phríobháideachas.

Comhordaíonn an tOifigeach FOI iarratais um

Shaoráil Faisnéise (FOI), Patricia Williams, Uasal

(ríomhphost: foi@taoiseach.gov.ie; guthán 6194154).

Tá lámhleabhar a thugann treoracha ar structúir na

Ranna le cabhrú teacht ar eolas faoin Acht FOI ar

fáil ag www.gov.ie/taoiseach/publication/.

Fuair an Roinn le linn 2003 iomlán de 142 iarratais

faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Fuarthas iarratais

ó na grúpaí seo: iriseoirí 89, an tOireachtas 11, gnó

11, eile 31, agus pléadh leo mar seo a leanas:

Iarratais cheadaithe 36

Iarratais leath-ceadaithe 45

Iarratais diúltaithe 13

Iarratais curtha ar ceal 9

Iarratais aistrithe 5

Gan aon taifead coinnithe 32

Ar lean 2

IOMLÁN 142

Rialúchán Níos Fearr

Mar Roinn, is é ár gcuspóir maidir le rialúchán, aon

uair a sheasann rialúchán, ná a chinntiú go n-

ullmháitear é i mbealach trédhearcach a

uasmhéadaíonn rannpháirtíocht phoiblí. Déantar

iarracht a chinntiú go bhfuil sé soiléir, go mbaineann

sé na cuspóirí amach, nach bhfuil sé ró-throm, go

gcuirtear i bhfeidhm i gceart é, nach bhfuil aon

éifeachtaí neamhbheartaithe agus go ndéantar

athbhreithniú rialta air.

Mar a sonraíodh i gCaibidil 8, glacaimid páirt mhór

ag forbairt agus ag cur chun cinn prionsabail polasaí

rialaitheach agus rialachas níos fearr thar na

Státseirbhíse trí:

Ráiteas polasaí náisiúnta ar rialúchán níos fearr

Tabhairt isteach samhail chuí de Mheasúnú

Iarmharta Rialúcháin

Ag cinntiú go ndéanfaí na prionsabail de pholasaí

rialúcháin agus rialachas maith a leabú i

ngnáthamh na Ranna.

Bunaíodh Aonad um Leasú Rialaitheach taobh istigh

den Roinn, mar chuid den Chlár leathan um

Nuachóiriú, agus an toradh a bhí air ná foilsiú an

Pháipéir Bán ar Rialú Níos Fearr go luath i 2004.

Cé nach mbíonn freagrachtaí reachtúla ar an Roinn

go ginearálta maidir le Billí agus Ionstraimí

Reachtúla a thionscnamh, táimid tiomanta i dtaobh

na prionsabail ar rialúchán níos fearr a chur chun

cinn go hinmheánach, mar atá leagtha amach sa

Pháipéar Bán. Tá comhshamhlú na bprionsabal ag

an bhfoireann an-tábhachtach ó thaobh chumas

agus thuiscint na Ranna a dhoimhniú i dtaobh an

phróisis cheaptha polasaí agus na caighdeáin

riachtanacha le haghaidh moltaí reachtacha a

thagann faoi bhráid an Rialtais. Cuimsíonn na

céimeanna eile cur chun cinn na háise Measúnaithe

Iarmharta Rialúcháin go hinmheánach agus scrúdú

ar scóip an fheidhmithe; ag tabhairt cuspóirí

rialúcháin san áireamh i bpleananna gnó rannach, ar

mhaithe le réimsí a shainaithint le haghaidh

athbhreithniú dlí reachtach.

Tá cead rochtana, ar iarratas, ag an bhfoireann atá

ag obair sa Roinn ar a gcomhaid phearsanta agus ar

a dtaifid, gan aon ghá le hiarratas FOI.

Department of the Taoiseach 53