strategy statement - Department of Taoiseach
strategy statement - Department of Taoiseach
strategy statement - Department of Taoiseach
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
Mar chuid den obair a bhain le cur i ngníomh Dul

Chun Cinn a Choinneáil a mhaoirsiú, tionóladh sraith

cruinnithe iomlánacha i rith na bliana leis na Ranna

Rialtais agus na comhpháirtithe sóisialta ar mhaithe

le hathbhreithniú dhul chun cinn le cur i ngníomh an

chomhaontaithe ar bhonn téamach. Rinne an

Taoiseach cathaoirleacht ar an gcruinniú a tionóladh

mí Iúil, i gcomhar le gnáthchleachtas. Mar

thacaíocht don phróiséas, chuir an Roinn sraith

tuarascálacha dul chun cinn ar fáil freisin ar chur i

ngníomh Dul Chun Cinn a Choinneáil.

Grúpa Stiúrtha agus Tionscnamh ar Leith

Chuir an Roinn an Cathaoirleacht agus an Rúnaíocht

ar fáil don Ghrúpa Stiúrtha, a bunaíodh le

maoirseacht a dhéanamh ar chur i ngníomh Dul

Chun Cinn a Choinneáil. Tháinig an Grúpa Stiúrtha

le chéile sé huaire le linn na bliana agus dhírigh sé

go háirithe ar Thionsnamh ar Leith.

Bord Forfheidhmithe Náisiúnta

Bunaíodh an Bord Forfheidhmithe Náisiúnta, a

dhéanann an Roinn cathaoirleacht air, faoin Clár do

Bhochtaineacht agus Cothromas le cinntiú go

ndéanfaí seachadadh ar na forálacha

buanseasmhacha agus síochana caidrimh

tionsclaíochta don chaomhaontú sin. Leanadh leis le

sainchúram feabhsaithe. Tháinig an Bord le chéile

ag líon ócáidí idir an daingniú ar Dul Chun Cinn a

Choinneáil agus deireadh 2003 agus chabhraigh sé

le réiteach an-chuid díospóidí.

Tionscnamh Frithbhoilscithe

Bunaíodh Grúpa Frithbhoilscithe, le cathaoirleacht

ón Roinn, agus a chuimsíonn ionadaithe as IBEC,

ICTU agus Ranna Rialtais faoin gcomhaontú Dul

Chun Cinn a Choinneáil. D’fhoilsigh an Grúpa a

Phlean Gnímh agus an Tuairisc ar Dhul Chun Cinn

Samhain 2003.

Cuimsíonn feidhmíocht an Rialtais, bunaithe ar

mholtaí an Ghrúpa, Buiséad 2004, a ceapadh in

eagar maidir leis an tosaíocht ceangailte le cur

chuige dírithe ar bhoilsciú; agus an feachtas mór,

maoinithe ag an Rialtas Íocann Feasacht Phraghas,

a cuireadh ar bun i dtreo dheireadh na bliana seo

chaite agus a chur go ginearálta le hardú feasachta

phraghas i measc custaiméirí.

Comhrá Sóisialta ag Leibhéal AE

Ghlac an Roinn páirt i bplé leis an gCoimisiún agus

leis na comhpháirtithe sóisialta ag leibhéal AE

maidir le pleanáil Mhullach Sóisialta Tríthaobhach ar

Fhás agus Fostaíocht don bhliain dár gcionn, a raibh

sé mar fhreagracht ag an Taoiseach le comhchathaoirleacht

a dhéanamh air ina ról mar

Uachtarán na Chomhairle Eorpaí agus ag Uachtarán

an Choimisúin Eorpaigh. Is é ról an Mhullaigh ná

cabhrú leis na comhpháirtithe sóisialta ag leibhéal

Eorpach cur leis an bpróiseas leasaithe

gheilleagraigh agus shóisialta taobh istigh den AE.

Oifig Náisiúnta Gheilleagrach agus Forbartha

Sóisialta

Forálann polasaí Rialtais bunú na hOifige Náisiúnta

Gheilleagrach agus Forbartha Sóisialta (NESDO) ar

bhonn reachtúil le comhoibriú dlúth a éascú idir an

Chomhairle Náisiúnta Geilleagrach agus Sóisialta

(NESC), an Fóram Náisiúnta Geilleagrach agus

Sóisialta (NESF) agus an Lárionad Náisiúnta do

Chomhpháirtíocht agus Gníomhaíocht (NCPP).

Dréachtadh agus críochnaíodh an dara Bhille sa Dáil

le linn na bliana.

Lean an Roinn ag glacadh páirt in obair an NESDO

agus na gcomh-chomhlachtaí le linn na bliana.

Comhairle Náisiúnta Geilleagrach agus

Sóisialta (NESC)

I 2003 chuir an Rialtas Comhairle nua i ngníomh a

fhánfaidh i ngníomh don chéad trí bliana eile. Maidir

le Clár Oibre na bliana, chríochnaigh an NESC an

tuarascál Infheistíocht i gCaighdeán: Seirbhísí,

Cuimsitheacht agus Fiontraíocht – an treoircháipéis

don Chomhaontú Dul Chun Cinn a Choinneáil. Lean

an NESC freisin leis an obair ar pholasaí tithíocht, a

thosaíodh leis an Iarchomhairle.

An Fóram Náisiúnta Geilleagrach agus

Sóisialta (NESF)

Le linn 2003, d’aontaigh an Rialtas le leanúint an

NESF ar feadh tréimhse eile de thrí bhliana., go dtí

deireadh Bhealtaine 2006, agus leis an sainordú a

leathnú le comhairliúchán poiblí a éascú ar

shaincheisteanna pholasaí a dhéanann an Rialtas

tagairt dóibh ó am go ham. Le linn 2003, shocraigh

an Roinn go gcuirfí na tuarascálacha seo a leanas

isteach don Rialtas sula gcuirfí faoi bhráid Tithe an

Oireachtais iad agus sula bhfoilseófar iad:

Saincheisteanna Mhargadh Saothair le haghaidh

Oibrithe níos Aosta (uimhir 26); Polasaí

Comhionannais maidir le Daoine Leispiacha,

Aeracha agus Déghnéasacha: Ceisteanna Cur i

ngníomh (Uimhir 27); na hImpleachtaí Pholasaí

Caipitil Sóisialta (uimhir 28) agus Beartas

Comhionannais le haghaidh Daoine Aosta:

Ceisteanna Cur I ngníomh (uimhir 29).

34

Department of the Taoiseach