25.10.2014 Views

strategy statement - Department of Taoiseach

strategy statement - Department of Taoiseach

strategy statement - Department of Taoiseach

SHOW MORE
SHOW LESS

You also want an ePaper? Increase the reach of your titles

YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.

Staitisticí le haghaidh Ceapadh Polasaí Feabhsaithe

Oibríonn an Roinn go dlúth leis an Lároifig

Staidrimh agus leis an mBord Náisiúnta Staidrimh.

Tugadh aird faoi leith le linn na bliana ar fheabhas a

chur ar mhonatóireacht cainníochta ar athrú

eacnamaíochta, timpeallachta agus sóisialta, ar

mhaithe le cumas tras-Rialtais a fheabhsú do

cheapadh polasaí atá fianaise-bunaithe.

D’fhoilsigh an Bord Náisiúnta Staidrimh an Straitéis

um Staidreamh 2003-2008, a leagann síos fís don

fhorbairt sa todhchaí ar an gcóras staitisticiúil

Éireannach, staitisticí sóisialta agus timpeallachta.

Don chéad uair d’fhoilsigh an Lároifig Staidrimh

tuarascáil táscairí dul chun cinn náisiúnta, Ag

Tomhais Dul Chun Cinn na hÉireann. Ag tógáil ar

obair na Comhairle Náisiúnta Geilleagraí agus

Sóisialta (NESC), cuimsíonn sé na toisí móra den

dhul chun cinn sóisiálta agus eacnamaíochta, le

comparáidí stairiúla agus idirnáisiúnta, in aon

fhoilsiúchán amháin.

Rinne an Roinn ionadaíocht air agus chuir sé

chomh-chathaoirleacht ar fáil don Ghrúpa Stiúrtha

ar Staitisticí Sóisialta agus Comhionannais. Foilsíodh

tuarascál an Ghrúpa seo Mí Aibreán 2003 agus

shainaithin sí príomhghníomhaíochtaí ar ceart a

ghlacadh le staitisticí sóisialta agus comhionannais

na hÉireann a fhorbairt le riachtanais polasaí reatha

agus i ngar a chomhlíonadh. Sa chomhthéacs seo

chomhaontaigh an Rialtas forbairt Chreatlach do

Staitisticí Sóisialta agus Comhionannais le réimse

táscairí cuimsitheach a thabhairt le chéile thar na

príomhtoisí saoil. Tá an Chreatlach seo á forbairt ag

an Lároifig Staidrimh faoi stiúr an Bhoird Náisiúnta

Staidrimh agus an Ghrúpa Oifigeach Sinsireach ar

Chuimsitheacht Shóisialta. Glacfaidh an NESC freisin

leis an bpríomhról in ullmhú agus scaipeadh na

tuarascála sóisialta tréimhsiúla.

Ag teacht as an obair seo, chomhaontaigh an Rialtas

gur ceart do gach Roinn Straitéis foirmiúil

Sonraí/Staitisticí a fhorbairt, le bheith san áireamh

sa Ráiteas Straitéiseach agus go ndéanfaí tuairisciú

air sa Tuarascál Bhliantúil. Tá an Lároifig Staidrimh

ag glacadh leis an bpríomhról i bhforbairt ar an

acmhainneacht sonraí riaracháin thar na Ranna

Rialtais agus na gníomhaireachtaí. Sa chomhthéacs

seo, chuir an Lároifig Staidrimh tuarascál ar fáil Mí

Meán Fómhair, a dhéanann mionstaidéar ar an

Acmhainneacht Staitisticiúl Taifead Riaracháin a

mhíníonn sealúchais sonraí i sé Roinn Rialtais agus a

dhéanann moltaí ar leith ar conas iad a úsáid níos

fearr agus conas caighdeánú níos

fearr a dhéanamh orthu.

Rinneadh dul chun cinn i rith na

bliana ar an obair ullmhucháin le

haghaidh tástáil phiolótach

Daonáirimh atá le cur i gcrích i

2004 maidir le Daonáireamh 2006.

Chabhraigh an Roinn leis an

bhforbairt leanúnach ar an

mbonneagar sonraí náisiúnta

spásúlacht a éascú trí

bhuntacaíocht a thabhairt do chur i

ngníomh an Straitéis Náisiúna

Spásúlachta.

Dorchla ciorcalach,

Roinn an Taoisigh

Department of the Taoiseach 31

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!