strategy statement - Department of Taoiseach
strategy statement - Department of Taoiseach
strategy statement - Department of Taoiseach
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
gealltanas maidir le hathbhunú an Rialtas a

déabhlóideadh.

Tionóladh na toghcháin ar an 26. Samhain. Ó shin tá

an Rialtas, agus meas acu ar shainordaithe na

bpáirtí uile, ag leanúint air ag obair leis na páirtithe

le hathbhunú an Rialtas a déabhlóideadh a bhaint

amach. Tugann an t-athbhreithniú ar an

gComhaontú atá beartaithe le tosnú ar an 3 Feabhra

2004 deis eile leis an obair sin a thabhairt chun

tosaigh.

Thug Iarbhreitheamh na Cúirte Uachtaraí, Henry

Barron tuairisc ar an mbuamáil i mBaile Átha Cliath

agus i Muineachán i 1974 don Taoiseach. Leis an

gealltanas a tugadh don Ghrúpa ‘Ceartas do na

Dearmaidthe’ Nollaig 1999 a choinneáil, chuir an

Rialtas an tuairisc ar aghaidh chuig Tithe an

Oireachtais ar mhaithe le breithniú agus foilsiú ón

gComhchoiste ar Cheartas, Chomhionnanas,

Chosaint agus Chearta Ban.

Lena chois sin, fuair an Rialtas na tuarascálacha ón

mBreitheamh Peter Cory faoi na dúnmharuithe ar

an Tiarna agus an Bhantiarna Gibson, Henry Breen

agus Bob Buchanan, agus mar a bhí molta ag an

mBreitheamh Cory, shocraigh an Rialtas fiosrúchán

poiblí a thionscnamh i gcás Breen agus Buchanan.

Le linn na bliana leanadh leis an dul chun cinn

maidir le cur i ngníomh na Tuairisce Patten ar

Phóilíneacht i dTuaisceart Éireann leis an seoladh

Comhpháirtíochta ar Phóilíneacht Ceantair Nua. Cé

go raibh roinnt eachtraí ar ábhair buartha iad faoi

scanrú Baill Bhord na Comhpháirtíocht ar

Phóilíneacht Ceantair Nua, tá ag éirí go fóill leis an

mBord Póilíneacht, an tOmbudsman ar Phóilíneacht

agus an Coimisinéir Maoirseachta agus an cur i

ngníomh leanúnach don Tuairisc Patten leis an tús

nua ar phóilíneacht a chomhdhlúthú.

Le linn na bliana bhí tuairisc freisin ón Sior John

Stevens ar dhúnmharú Pat Finucane. Chuir an

Breitheamh Cory a chuid tuarascálacha ar aghaigh

chuig Rialtas na Breataine ar na cásanna a bhain le

Finucane, Nelson, Hamill agus Wright.

I 2003 chomhoibrigh an Roinn go dlúth le Ranna

eile i dtaobh chur i ngníomh gnéithe eile de

Chomhaontú Aoine an Chéasta. I Mí Feabhra

d’fhógair an Taoiseach go gcuirfí €9 Milliún ar fáil

thar tréimhse 3 bliana d’íobartaigh na dtrioblóidí sa

dlínse seo agus d’fhógair an Roinn Dlí agus Cirt,

Comhionnanais agus Athchóirithe Dlí ina dhiaidh sin

ballraíocht le Coimisúin Ciste Cuimhnimh a dhéanfaí

na heisíocaíochtaí airgid a riaradh.

Le linn na fionraíochta, nuair a tháinig Comhairle na

nAirí Tuaiscirt-Deiscirt le chéile. Lean obair na

gcomhairlí cur i ngníomh Tuaiscirt Deiscirt afách

agus ar réimsí comhaontaithe den chomhoibriú.

Lean obair na Comhairle Breatnaise Éireannacha ar

aghaidh freisin agus tionóladh cruinniú iomlánach i

Cardiff Mí na Samhna.

Caidreamh gnó leis na Ríocht Aontaithe, na Stáit

Aontaithe agus Ceanada

Rinne an Roinn socruithe freisin do chúirt an

Taoisigh ar Washington le haghaidh Lá Fhéile

Phádraig agus cuairteanna chuig Oileán Mhanainn,

Nua Eabhrach agus an Bhreatain Bheag.

An staighre searmanais.

Roinn an Taoisigh.

Department of the Taoiseach 19