strategy statement - Department of Taoiseach
strategy statement - Department of Taoiseach
strategy statement - Department of Taoiseach
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
Tosaíocht Straitéiseach C- Polasaí Eacnamaíochta agus Sóisialta

Príomhchuspóirí:

Mionteagasc éifeachtúil, comhairle polasaí agus eolas ar ghnóthaí eacnamaíochta agus

sóisialta a chur ar fáil ar mhaithe le toradh a thabharfadh dearcadh uile Rialtais sa

phróiséas polasaí a cheapadh agus cur i ngníomh go náisiúnta, ag glacadh le dearcadh

níos fadtéarmaí, áit ar féidir dúshláin straitéiseacha a bhaint amach

Le cur leis an gcomhdhlúthú ar an bhforbairt a rinneadh le blianta beaga anuas agus ráta

fáis meántéarmach a bhaint amach atá inniúil ar léibhéil arda fostaíochta a choinneáil

agus ag éascú giniúint sochaí atá níos cothroime de réir Dul Chun Cinn a Choinneáil. Tá

polasaithe a chinntíonn iomaíochas, boilsciú íslithe, maoiniú poiblí inbhuanaithe, córas

cánach cothrom agus éifeachtúil agus inbhuanacht timpeallacht lárnach don sprioc seo

Le cinntiú go bhfuil soláthar ag Éire ar léibhéal bonneagair fisiciúil atá inacmhainne, a

thugann luach airgid, a bhunthacaíonn le forbairt Náisiúnta agus a thugann timpeallacht

inbhuanaithe. Is é an Choiste Comhaireachta ar thitíocht, bhonneagar agus ar

Chomhpháirtíocht Phoiblí-Phríobháideach atá mar phríomhmheicníocht leis an sprioc seo

a bhaint amach

Leis an forbairt leanúnach agus an rath ar an earnáil seirbhísí airgeadais a chinntiú in

Éirinn, le tacaíocht ó Ranna Rialtais, Ghníomhaireachtaí, agus an earnáil, trí mheicníocht

an Ghrúpa Ionaid Imréitigh agus na Grúpaí éagsúla uile agus foghrúpaí a fheidhmíonn faoi

choimirce na Roinne

Le cinntiú go bhfreagraíonn an polasaí intíre, eacnamaíoch agus sóisialta d’ fhorbairtí

idirnáisiúnta, go háirithe ag léibhéal an AE, i mbealach atá in oiriúnt dár gcuid cuspóirí

náisiúnta

Le cur chuige comhtháithe agus dírithe ar thorthaí a bhaint amach la aghaidh a thabhairt

ar shaincheisteanna polasaí sóisialta trí obair na gCoistí Comhaireachta ar

chuimsitheacht shóisialta, Drugaí, Forbairt Tuaithe, Leanaí agus Sláinte

Le díriú ach go háirithe ar chuimsitheacht shóisialta, trí chur i ngníomh an Straitéis

Frithbhochtaineacht Náisiúnta, le comhoibriú le Ranna Rialtais agus na páirtnéirí sóisialta

le dul chun cinn a chinntiú sna forálacha ar chuimsitheacht shóisialta atá leagtha amach i

Dul Chun Cinn a Choinneáil

Le tacú le soláthar sonraí agus staitisticí tráthúla, inchreidte agus ábharthacha le heolas

a chur ar fáil don phróiséas ceaptha polasaí, trí obair an Bhoird Náisiúnta Staidrimh agus

an Lároifig Staidrimh san áireamh.

Meicníocht Mhonatóireachta Inmheánach

Tuarascáil rannach chuig an Choiste Bhainistíochta Chomhairliúcháin

Tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn

Department of the Taoiseach 27