25.10.2014 Views

strategy statement - Department of Taoiseach

strategy statement - Department of Taoiseach

strategy statement - Department of Taoiseach

SHOW MORE
SHOW LESS

You also want an ePaper? Increase the reach of your titles

YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.

Ag déanamh Monatóireachta agus ag

Freagairt do Fhorbairtí AE agus Idirnáisiúnta

D’oibrigh an Roinn go dlúth le Ranna eile le

monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí ag leibhéal

an AE agus go hidirnáisiúnta, le béim ar leith ar na

himpleachtaí a bhaineann le polasaí intíre,

eacnamaíoch agus sóisialta. Chuimsigh samplaí na

himpleachtaí Náisiúnta don Chlár Gnó Lisbon, an

Réimse Taighde Eorpach, na rialacha cuntasaíochta

le haghaidh comhpháirtíochta Poiblí Príobháideach,

na ceisteanna bonneagar do thionscadal forbartha

an AE agus na gnéithe neamhshaothair de mhéadú

an AE.

Polasaí Sóisialta

Cuireann an Roinn an Rúnaíocht ar fáil don Choiste

Comh-aireachta ar Chuimsitheacht Shóisialta,

Drugaí agus Forbairt Tuaithe, Leanaí agus Sláinte. Is

é nadúr ceisteanna cuimsitheachta sóisialta ná iad a

bheith casta agus neamhspleách agus go

dtrasnaíonn siad na feidhmeanna agus freagrachtaí

líon mór de Ranna agus Gníomhaireachtaí. Léiríonn

sé seo an tábhachtacht a bhaineann le díriú ar na

torthaí agus tosaíochtaí inmhianaithe. Oibríonn an

Roinn leis na Ranna cuí le saincheisteanna a

thabhairt ar aghaidh taobh amuigh dá fhreagracht

dhíreach. Le linn na bliana bhí sé mar dhualgas ar

an Roinn raon saincheisteanna polasaí a chur faoi

bhráid an Choiste Comh-aireachta ar

Chuimsitheacht shóisialta, Drugaí agus Forbairt

Tuaithe, chomh maith le roghanna le haghaidh

gníomhaíochtaí sa todhchaí ar fhostaíocht phobail, i

gcomhordú ullmhaithe an Bhille Míchumais agus ag

gabháil le Pleananna Earnála, i mbunú an Ghrúpa

Ard-leibhéal ar an Lucht Taistil, i bpleanáil an

bhealach ar aghaidh don chlár RAPID agus ag

breithniú ar na bealaí is fearr leis an tseirbhís

seachadta a fheabhsú ag leibhéal áitiúil agus pobail.

Tháinig an Coiste Comh-aireachta ar Chuimsitheacht

Shóisialta, Drugaí agus Forbairt Tuaithe le chéile

aon uair déag le linn 2003. Tháinig an Coiste Comhaireachta

ar leanaí agus an Coiste Comh-aireachta

ar Shláinte araon le chéile trí huaire le linn 2003.

Oibríonn an Roinn go dlúth le Ranna eile le raon

cuspóirí ar chuimsitheacht shóisialta a thabhairt ar

aghaidh. Cuimsíonn samplaí na meicníochtaí maidir

leis an Straitéis Náisiúnta Drugaí, an Tascfhórsa

Straitéiseach ar Alcól, an Plean Straitéiseach

Náisiúnta i gcoinne ciníochais agus an Páipéar Bán

ar Thacaíocht do Ghníomhaíocht Dheonach.

An Straitéis Naisiúnta Frithbhochtaineachta (NAPS)

Tá ionadaíocht ag an Roinn ar an nGrúpa

Bainistíocht ar son Cuimsitheacht Shóisialta (tá an

oifig seo lonnaithe sa Roinn Gnóthaí Sóisialaigh

agus Teaghlaigh agus tá freagracht ar leith aici

maidir le cur i ngníomh na NAP’s a thiomáint ar

aghaidh). Ba í tosaíocht na hOifige seo le linn na

bliana ná an Plean Náisiúnta Gnímh i gcoinne

Bochtaineachta agus Eisiata Sóisialta (NAPincl.) a

ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisúin

Eorpaigh. Déanann an Roinn comh-chathaoirleacht

ar an nGrúpa Comhairliúcháin Cuimsitheachta

Sóisialta a bunaíodh agus a tháinig le chéile faoi dhó

le linn na bliana.

Dul Chun Cinn a Choinneáil

Cuimsíonn ocht gcinn as an deich tionscnamh

speisialta faoi Dul Chun Cinn a Choinneáil gné láidir

de Chuimsitheacht Shóisialta: Tithíocht agus Lóistín,

Imirce agus iIirchultúrachas, Dífhostaithe

Fhadtréimhseach, Oibrithe Lochaileacha agus iad

siúd atá Iomarcach; Dul i nGleic le Míbhuntáiste

Oideachais- Litearthacht, Uimhearthacht agus Fágáil

Luath na Scoile; Cúram- Leanaí, Daoine le Míchumas

agus Seandaoine; Míúsáid Alcól/Drugaí; Gach Duine

sa tSochaí Faisnéise agus Críoch a chur le

Bochtaineacht Leanaí. Trasnaíonn na tionscnaimh

seo an fhreagracht atá ar líon Rann agus d’oibrigh

Roinn an Taoisigh le comhpháirtíocht shóisialta agus

Ranna chun iad a chur chun cinn.

Nuachtlitir ar Ghníomhú Chuimsitheacht Shóisialta

Le linn 2003, d’fhoilsigh an Roinn dhá eagrán den

nuachtlitir Ghníomhú ar Chuimsitheacht Shóisialta,

ceann i Meitheamh agus ceann Mí Dheireadh

Fómhair. Is é an cuspóir atá leis an nuachtlitir ná

léargas a thabhairt ar na gaiscí a bhaineann le

saincheisteanna ar chuimsitheacht shóisialta in aon

fhoilsiúchán amháin. Is iad na saincheisteanna a

pléadh leo i nuachtlitir an Mheithimh ná Bliain

Eorpach na nDaoine le Míchumas, An Straitéis

Náisiúnta Leanaí, an Tionscnaimh Iompair Tuaithe

agus an Tionscnamh um Philleadh ar an Oideachas.

Mar chuid de nuachlitir Dheireadh Fómhair pléadh le

haltanna ar Chearta Imirce, Leanseáil Thuarascáil

Forbartha Daonna na Náisiún Aontaithe, Leanseáil

an NAPincl. agus uasdátú ar dhul chun cinn i Dul

Chun Cinn a Choinneáil.

30

Department of the Taoiseach

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!