25.10.2014 Views

strategy statement - Department of Taoiseach

strategy statement - Department of Taoiseach

strategy statement - Department of Taoiseach

SHOW MORE
SHOW LESS

You also want an ePaper? Increase the reach of your titles

YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.

Ráiteas Straitéiseach

Is é seo an cúigiú tuarascáil bhliantúil foilsithe ag an

Roinn faoin Acht um Bainistíocht Seirbhíse Poiblí,

1997 agus an chéad cheann a thuairiscíonn ar dul

chun cinn maidir leis an Ráiteas Straitéiseach 2003-

2005. Cuireann an Ráiteas Straitéiseach seo bunús

le seirbhís leanúnach agus feabhsaithe don Rialtas,

Taoiseach, na hAirí agus na saoránaigh.

Sainordú: Ról an Taoisigh, Phríomhaire an

Rialtais agus Aire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha

Tagann sainordú Ranna an Taoisigh ó ról

bunreachtúil, deasghnách an Taoisigh, mar cheann

Rialtais, ó Phríomhaire an Rialtais agus ón Aire Stáit

um Ghnóthaí Eorpacha. Comhlíonann an Rialtas

cumhacht fheidhmeannaigh an Stáit agus tá sé

freagrach as na Ranna Stáit i dteannta a chéile. Dá

réir sin, tá ról ceannaireachta ag an Taoiseach agus

baint chomhfhreagrach leis na réimsí polasaithe

móra uilig.

Faigheann an Taoiseach tacaíocht le comhlíonadh an

róil ón bPríomhaire an Rialtais agus ón Aire Stáit

um Ghnóthaí Eorpacha. Reachtálann an Príomhaire

gnó an Rialtais sa Dáil agus tá dualgais ar leith

uirthi maidir le Clár Reachtais an Rialtais, Leasú

Oireachtais, an Lároifig Staidrimh agus

Ríomhsheirbhísí an Rialtais. Tá rol lárnach ag an

Aire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha in Uachtáracht an

Aontais Eorpaigh i 2004. Déanann an tAire Stáit

ionadaíocht don Rialtas freisin ag cruinnithe a

bhaineann le réimse leathan chomhthéacsanna i

ngnóthaí Eorpacha. Cuireann an Roinn clár pholasaí

cuimsitheach agus soiléir chun cinn le tacú leis na

dualgais seo a bhaint amach.

Ról na Ranna

Léiríonn ról foriomán RoinnTaoisigh trí

phríomhfheidhme:

Feidhmiúchán éifeachtúil an Rialtais

Ag tacú le treoir pholasaí an Rialtais agus le

comhordú (ag díriú ar mhórthosaíochtaí

náisiúnta)

Ag cur seirbhísí tacaíochta ar fáil don Taoiseach,

do Phríomhaoire an Stáit, agus don Aire Stáit um

Ghnóthaí Eorpacha.

I measc phríomhdhualgais na Ranna áirítear

rúnaíocht a chur ar fáil don Rialtas, idirchaidreamh

leis an Uachtarán agus le Tithe an Oireachtais,

seirbhísí preasa agus seirbhísí fáisnéise eile a chur

ar fáil, agus d’oifig phríobáideach, tacaíocht

chorparáideach agus seirbhísí prótacail don

Taoiseach agus do na hAirí Stáit.

Maidir le treoir pholasaí agus comhordú, aithníonn

an Ráitéas Straitéiseach 2003-2005 na réimsí seo a

leanas mar phríomhthosaíochtaí:

Tuaisceart Éirinn

Gnóthaí Eorpacha agus Idirnáisiúnta

Polasaí Eacnamaíochta agus Sóisialta

Comhpháirtíocht Shóisialta

Nuachóiriú Seirbhíse Phoiblí

An tSochaí Faisnéise agus Ríomhsheirbhísí an

Rialtais.

Ag Aistriú Straitéis go Gníomh

I measc na bpríomhghnéithe dár gcur chuige i dtreo

cuspóirí a bhaint amach áirítear pleanáil

straitéiseach, bainistíocht ghníomhach maidir le

caipiteil daonna, forbairt dearcaidh an Rialtais uile

agus cur chuige comhpháirtíochta i dtaobh cinntí a

ghlacadh.

Pleanáil

Léiríonn an Ráitéas Straitéiseach 2003-2005 (ar fáil

i mBéarla agus i nGaeilge ag www.taoiseach.gov.ie)

treoir ghinearálta ghníomhaíochtaí an Rialtais agus

na príomhchuspóirí. Tá plean gnó bliantúil ag gach

rannán Ranna, a chabhraíonn le seachadadh na

gcuspóirí atá leagtha síos sa Ráitéas Straitéiseach.

Tá na cuspóirí seo léirithe i gcuspóirí pearsanta

oibre gach oifigeach tríd an gCóras Bainistíochta

agus Forbartha Gníomhúcháin. Déanann an Coiste

Comhairleach Bainistíochta monatóireacht rialta ar

dul chun cinn na bpleananna gnó.

Daoine

Tá cumas agus tiomantas na n-oifigigh Rialtais

lárnach don deimhniú go n-éiríonn leis an Rialtas a

mhisean a sheachadadh agus go gcuirtear an

caighdeán seirbhíse riachtanach ar fáil. Tá sé

riachtanach mar sin go leanann muid orainn ag

mealladh agus ag coinneáil daoine den mhianach

sin, agus le daoine a bhainistiú agus a fhorbairt ón

insealbhú i leith.

Department of the Taoiseach 7

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!