strategy statement - Department of Taoiseach
strategy statement - Department of Taoiseach
strategy statement - Department of Taoiseach
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
Cé go bhfuil dealraimh dul i bhfeabhas ar

gheilleagar na hEorpa agus an domhain, leanann an

t-ábhar imníoch a bhaineann le tionchar

soghalaíochta an ráta malairte, an gá a bhaineann le

hiomaíochas a fheabhsú, boilsciú a choinneáil faoin

mheán AE agus leanúint le aghaidh a thabhairt ar

an easnamh bonneagair.

Don tréimhse fhadtéarmach, is é an príomhdúshlán

ná ár bpolasaithe a atreoshuí le ligint dúinn dul in

iomaíocht go héifeachtúil sa todhchaí. Cuimsíonn sé

seo raon réimsí polasaithe ag cur san áireamh

straitéis fiontraíochta/polasaí

tionsclaíoch,bonneagar, tithíocht, eolaíocht agus

teicneolaíocht/taighde agus forbairt, oideachas,

foghlaim fhadsaoil, an geilleagar eolais agus an

timpeallacht.

Bonneagar

Cuireann an Roinn an Rúnaíocht ar fáil don Choiste

Comh-aireachta ar Thithíocht, Bhonneagar, agus

Chomhpháirtíochtaí Poiblí Príobháideacha (PPPs)

agus déanann sé cathaoirleacht ar an bhfoireann

tras-rannach a thacaíonn leis an gCoiste. Tháinig an

Coiste le chéile go rialta le linn na bliana. Lean sé air

i mbun monatóireachta ar dhul chun cinn san

infheistíocht ar bhonneagar a chur i ngníomh faoin

bPlean Forbartha Náisiúnta (NDP) agus le

feidhmíocht chomhordaithe thar na Ranna agus na

Gníomhaireachtaí a éascú. Phléigh sé le polasaí a

bhain le bainistíocht dramhaíola, fuinneamh, na

bóithre, telechumarsáide leathanbhanda agus

tithíocht. Rinne sé athbhreithniú chomh maith ar na

himpleachtaí straitéiseacha do thorthaí

dhaonáireamh 2002.

I measc na bpríomhchinntí polasaithe ar

shaincheisteanna bonneagair a socraíodh bhí

tabhairt isteach clúdach caipitiúil ilbhliantúil,

tabhairt isteach an Chláir leathanbhanda náisiúnta,

cur i ngníomh scéim trádála astaíochta agus

faomhadh idirnascaire fuinnimh Oirthear- Iarthar.

Chuir plé na Coiste freisin le hullmhú an Chláir

Phoiblí Caipitiúil 2004.

Fuair an Coiste Comh-aireachta mionléiriú ar ESRI

Athbhreithniú Meán-Téarmach an NDP, a

chabhraigh leis an Rialtas a fhreagra ina leith a

chumadh. Sonraíodh go bhfuarthas an straitéis a bhí

mar bhonn agus mar thaca ag an NDP i gceart tríd

is tríd. Dhírigh freagra an Rialtais mar sin ar athleithdháileadh

foinsí ar mhaithe le húsáid níos

éifeachtaí agus feabhas i mbainistíocht tionscadail

agus modhanna rialaithe costas. Déanfaidh an

Coiste athbhreithniú arís ar dhul chun cinn go luath

i 2004.

Choinnigh an Coiste ag déanamh athbhreithnithe ar

dheacrachtaí a bhí ag teacht chun cinn i seachadadh

an bhonneagair. Ag leanúint as a gcuid plé,

bhreithnigh an Rialtas raon ceisteanna dlí (mar

shampla reachtaíocht ar an Luas i mBaile Átha

Cliath, bonneagar criticiúil agus leachtanna

náisiúnta).

I measc na saincheisteanna tábhachtacha ar Chlár

Oibre an Choiste le haghaidh 2004 tá an Straitéis

Náisiúnta Spásúlachtal, Bonneagar Gaeltachta agus

na n-oileán, oideachas, PPP’s, maoiniú,

saincheisteanna bainistíochta tionscadail agus

costas agus iompar poiblí.

Ag tacú leis an Earnáil Seirbhísí Airgeadais

Tagann an Grúpa ionaid imréitigh, a dhéanann an

tArd-Rúnaí cathaoirleacht air, le chéile leis na grúpaí

oibre eile a thuairscíonn dó ar árachas,

baincéireacht agus cistíocht, agus cistí, chomh

maith leis an Tascfhórsa Bhainistíocht Sócmhainní

agus an Tascfhórsa Phan-Eorpach Pinsean ar bhonn

rialta i gcaitheamh na bliana ar son saincheisteanna

a phlé a bhain le dul chun cinn leanúnach agus rath

na héarnála seirbhíse airgeadais in Éirinn.

I measc na bpríomhthorthaí i 2003 bhí:

Bunú gléis le comhchiste pinsean a éascú- An

Ciste Conarthach Comónta (CCF)- i gcomhar leis

an Roinn Airgeadais agus é san áireamh san

Acht Airgeadais, 2003.

Críoch Tuarascáil ar na Grúpaí Oibre ar

Mhargaíocht i Lárionad Seirbhísí Airgeadais na

hÉireann

Athbhunú an Ghrúpa Cánach de chuid na

Seirbhísí Idirnáisiúnta Airgeadais (IFS)

Bunaíodh an Tascfhórsa Phan-Eorpach Pinsean,

le cinntiú go raibh na coinníolacha rialaitheacha

agus reachtacha i ngníomh chun go n-aistréofaí

Treoir Pinsean an AE ina dhlí é. Tá Aibreán 2005

leagtha síos mar sprioc don aistriú seo.

Department of the Taoiseach 29