strategy statement - Department of Taoiseach
strategy statement - Department of Taoiseach
strategy statement - Department of Taoiseach
You also want an ePaper? Increase the reach of your titles
YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.
Seirbhís Ardchaighdeáin Do Chustaiméirí

(QCS)

Tá an Grúpa Oibre Seirbhíse Archaighdeáin Do

Chustaiméirí freagrach as forbairt agus cur i gcrích

an tionscnaimh QCS a mhaoirsiú. Cuimsíonn an

Grúpa Oibre baill as Ranna Rialtais agus Oifigí,

chomh maith le hionadaithe as cheardchumainn,

gnó, tomhaltóirí agus comhionannas. Bhuail an

Grúpa Oibre le chéile ar chúig ócáid le linn 2003

agus tá líon foghrúpaí aige.

I ndiaidh fógra an Taoisigh Nollaig 2002 faoi

sheoladh an Tionscnaimh Chairte Chustaiméirí,

d’ullmhaigh an Grúpa Oibre QCS sraith treoirlíntí le

cabhrú leis na Ranna agus leis na hOifigí agus iad i

mbun ullmhucháin ar na cairteacha. Chomhaontaigh

an Roinn na Treoirlíntí i Meitheamh 2003 agus

foilsíodh iad Meán Fómhair 2003. Scaipeadh cóip ar

gach Roinn agus ar gach Oifig le dóthain ama a

thabhairt do gach eagraíocht a chairt féin a

thionscnamh le linn 2004 agus freisin le bheith in

ann tuairisciú ar na torthaí i dtaobh na caighdeáin a

sonraíodh ina chairt chustaiméirí sa Tuarascál

Bhliantúil 2004 a bhaint amach.

Mar thacaíocht bhreise do na Ranna/Oifigí agus iad

ag ullmhú a gcairteacha, thionscnaigh an Roinn, i

gcomhar leis an CMOD, sraith seimineár oiliúna dhálá

i mí Dheireadh Fómhair 2003. Pléann na

seiminéir, atá á leanúint ar aghaidh i 2004, le gach

gné ar leith de tháirgeadh cairteacha.

Ullmhaíodh foilsiú suntasach eile ar sheirbhís

custaiméirí inmheánach le linn 2003. Is é an sprioc

atá leis an leabhrán Ár nGealltanais dár gcuid

Chomhleacaithe ná a léiriú conas gur féidir le

feabhsaithe sna seirbhísí custaiméirí inmheánacha

tionchar dearfach a bheith acu ar an leibhéal

seirbhíse a chuirtear ar fáil do na custaiméirí

seachtracha. Imlíníonn sé sraith céimeanna

praiticiúla ar féidir a ghlacadh ag an leibhéal

riaracháin chomh maith leis an leibhéal Aonaid

Rannáin/Gnó le feabhsaithe ar an tseirbhís

inmheánach custaiméirí a sheachadadh. Cuimsíonn

sé freisin mionsonraí ar líon cás-staidéar, ag díriú ar

chur chuige éagsúil ar an gceist seo a ghlac líon

Ranna Rialtais agus Oifigí.

Ullmhaíodh ionsá nua oiliúna le linn 2003 le cur leis

an bPacáiste Tacaíochta Comhionannais/Éagsúlacht

atá ann, a cuireadh ar fáil den chéad uair i 2001.

Táirgíonn an ionsá seo, a foilsíodh Meitheamh 2003,

cabhair agus treoir d’eagraíochtaí a bhfuil sé i gceist

acu oiliúint chomhionannais agus éagsúlacht a chur

ar fáil.

Cuimsíonn an Gréasán Oifigigh QCS ionadaithe as

Ranna Rialtais agus Oifigí. Buaileann an Gréasán

Oifigigh le chéile go minic leis an deis a thabhairt

don fhoireann atá ag plé go díreach le soláthar agus

seachadadh seirbhíse cúrsaí a phlé agus deachleachtas

a roinnt lena chéile sna gnéithe uile de

sheirbhís do chustaiméirí. Coinníonn an Gréasán a

ghréasán féin malartaithe faisnéise leictreonach

agus ríomhphoist le cumarsáid taobh istigh den

ghréasán a éascú. Tá an Gréasán seo freagrach as

tionscnamh an QCS a thacú agus a chur chun cinn

ag an leibhéal áitiúil agus déanann sé

monatóireacht ar dhul chun cinn i gcur i gcríoch an

tionscnaimh cairte custaiméara.

Cumarsáid

Bunaíodh Grúpa Cumarsáide Straitéise i Meitheamh

2002 le straitéisí a fhorbairt ar son faisnéis faoin

gClár um Nuachóiriú a chur in iúl. Choimisiúnaigh an

Grúpa comhairleoirí le suirbhé a riaradh ar chur in

iúl an tionscnaimh nuachóirithe go deireanach i

2002. Foilsíodh an tuarascál Eanáir 2003 agus

cuireann príomhthorthaí an suirbhé go fóill, in

éineacht le taighde agus litríocht eile, le hobair an

Ghrúpa agus iad ag forbairt straitéis cumarsáide

don Chlár um Nuachóiriú. Bhreithnigh an Grúpa an

chéad dréacht den Straitéis ag an gcruinniú Mí na

Nollag 2003.

Ceann de phríomh-mhodhanna cumarsáide is ea

LINK, nuachtlitir na Státseirbhíse. Foilsíodh sé

eagrán de LINK i 2003. Scaiptear LINK ar gach

státséirbhíseach agus foilsítear leaganacha i

mBéarla agus i nGaeilge, go leictreonach ar an

suíomh gréasáin www.bettergov.ie, i bhformáid PDF

agus HTML agus i scríbhneoireacht bhraille, ar

iarratas.

Is foinse eolais riachtanach é an suíomh gréasáin

www.bettergov.ie ar na gnéithe uile a bhaineann leis

an bpróiséas nuachóirithe agus soláthraíonn sé

sonraí ar fhorbairtí leanúnacha a bhaineann le

hathrú agus nuachóiriú, liostú iomlán dár

bhfoilsiúcháin uile agus sraith nasc chuig

suíomhanna gréasán Rialtais na hÉireann agus

suíomhanna leasmhara eile.

40

Department of the Taoiseach