25.10.2014 Views

strategy statement - Department of Taoiseach

strategy statement - Department of Taoiseach

strategy statement - Department of Taoiseach

SHOW MORE
SHOW LESS

You also want an ePaper? Increase the reach of your titles

YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.

gcomhlíonann an cairt ionchais na gcustaiméirí,

agus go bhfaigheann sé tacaíocht iomlán taobh

istigh den Roinn. Mar chuid den chomairliúchán

inmheánach, leathnaíodh ballraíocht don Ghrúpa

QCS le ionadaíocht na Rannóga ar fad a bheith mar

chuid de. Mar chuid den chomhairliúchán seachtrach

rinneadh suirbhé custaiméara forleathan a

chuimsigh ós cionn ceithre céad custaiméirí. Faoi

dheireadh na bliana bhí forbairt na cairte ag céim ar

aghaidh agus foilseofar é san Earrach 2004.

Lean oiliúint Seirbhíse Custaiméara mar ghné

lárnach den oiliúint don fhoireann uile.

Chuimsigh samplaí den seirbhís custaiméirí

éifeachtúil i 2003:

Cur i ngníomh Tionscadal Leabharlainne Ilsuíomh

idir Roinn an Taoisigh agus an Roinn Airgeadais

Ag cuartú ca. 34.805 comhad ar Chóras

Cuardach Comhad na Clárlainne

Soláthar bunsheirbhísí do húsáideoirí uile na

bhfoirgnimh Rialtais, ina n-áirítear lóistín,

teilechumarsáid, áiseanna comhdhála agus

cothabháil oifige agus athchóiriú, i gcomhar le

hOifig na nOibreacha Poiblí

Soláthar seachadta poist, fáiltiú, sábháilteacht

agus dualgais eile ó fhoireann tacaíochta foirne,

inar n-áirítear cothabháil na bhfoirgnimh Rialtais

go caighdeán oiriúnach don stádas mar shamhail

shuntasach náisiúnta, chomh maith le

timpeallacht oibre ghlan a choinneáil.

Úsáid Fuinnimh

Roinntear na gcostas fuinnimh leis na sealbhóirí eile

sna foirgnimh Rialtais agus leanann an plé leo agus

le hOifig na nOibreacha Poiblí ar fhéidearachtaí eile

a aimsiú maidir le caomhnú fuinnimh.

Lorgaítear i gcónaí deiseanna le dramháil a

athchúrsáil agus aon áit is féidir, páipéar

athchúrsálá a úsáid.

Sláinte agus Sábháilteacht

Lean an Roinn ag déanamh monatóireacht, ag

forbairt, agus ag cur gnáthaimh in iúl le timpeallacht

slán agus sláintiúil a chinntiú don fhoireann,

chuairteoirí agus do na conraitheoirí. Déantar

Ráiteas Slándála na Ranna a uasdhátú go rialta.

Bhuail Grúpa Sláinte agus Slándála na Ranna,

fochoiste an Choiste Chomhpháirtíocht, le chéile go

rialta le linn na bliana le monatóireacht a dhéanamh

ar pholasaí agus agus ar chleachtas Sláinte agus

Sábháilteacht. Tairgíodh oiliúint ar Sláinte agus

Sábháilteacht do gach ball foirne le linn 2003,

Oifigigh dóiteáin, Oifigigh Gharchabhracha agus

tosaitheoirí san áireamh.

Clár um Nuachóiriú

Tá an Clár um Nuachóiriú mar chuid den chaoi a n-

oibrímid. Is iad cuspóirí an Chláir seo ná:

An Roinn a chur sa riocht go bhféadfaí na

hathruithe leanúnacha sa timpeallacht

seachtrach a ghlacadh

Seirbhís den chéad scoth a sholáthar dár gcuid

custaiméirí

Fócas straitéisach a choinneáil ar ról agus ar

fheidhmeannais na Ranna, le cinntiú go gcuirimid

ceannas agus comhordú thar eochairréimsí

pholasaithe Rialtais, agus

Obair i gcomhpháirt le foireann na Ranna leis na

leasuithe riachtanacha a chur i gcrích.

D’fhorbair an Roinn Plean Gnímh, ag clúdach an

tréimhse Aibreán 2003 go Meitheamh 2005, a

leagann síos sraith spriocanna nuachóirithe leis na

forálacha i Dul Chun Cinn a Choinneáil a

chomhlíonadh maidir le comhoibriú le solúbthacht

agus athrú leanúnach. Tá sé de dhualgas ar an

Roinn tuairisciú don Ghrúpa Deimhniú

Gníomhaíochta Státseirbhíse (CSPVG) ar bhonn

rialta maidir le dul chun cinn ó thaobh na

ngeallúntais a leagadh amach sa Phlean Gnímh.

Cuireadh an chéad tuairisc ar dhul chun cinn isteach

chuig an CSPVG i Mí na Samhna agus bronnadh an

t-ardú pá ar an Roinn ina dhiaidh sin faoin scéim Dul

Chun Cinn a Choinneáil mar aitheantas ar an dul

chun cinn a baineadh amach. D’aithin an grúpa, go

háirithe, gur rinneadh dul chun cinn maith maidir le

clár an Rialtais le hIniúchadh Inmheánach agus

Athbhreithnithe Caiteachais, Forbairt an Chórais

Ríomh-Chomh-aireacht, Forbairt na Cairte

Custaiméirí agus an t-ullmhú le haghaidh cur i

ngníomh modúil eile den Chreatlach Bhainistíocht

Faisnéise agus an Córas Bainistíochta Acmhainní

Daonna, chomh maith le tiomnú roinnt freagrachtaí

HR. D’aithin an Grúpa freisin na bearta nuálaíocha

maidir le hOiliúint agus Forbairt, a d’fhorbair an

Roinn.

Department of the Taoiseach 51

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!