strategy statement - Department of Taoiseach
strategy statement - Department of Taoiseach
strategy statement - Department of Taoiseach
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
Cuireann an Aonad Cumarsáide seirbhís eolais ar na

meáin ar fáil go fóill do na hAirí Stáit agus dá

Ranna. Soláthraíonn sé nuashonraí agus

athscríbhinní, rud a chinntíonn go gcoinnítear na

Ranna suas chun dáta ar bhealach sciobtha agus

éifeachtúil le forbairtí nua ábharthacha.

Leathnaíodh an tAonad le córas teachtaireachta

téacs SMS a chur san áireamh. Coinníonn an

tseirbhís seo na hOifigí Preasa ar a bhfaichill maidir

le forbairtí nua trí theachtaireacht téacs a chur

chucu ar fóin phóca. Tá sé úsáideach go háirithe

nuair a bhíonn na hOifigí Preasa as an oifig, nó thar

lear leis na hAirí.

Pléann an GIS go dlúth le hOifig Faisnéise an Phlean

Náisiúnta Forbartha/ Creatlaigh Thacaíochta Phobail

ar mhaithe le feasacht phoiblí a ardú agus tuiscint

ar an bPlean Náisiúnta Forbartha. Cuireann sé

feasacht phoiblí chun cinn faoi ghníomhaíochtaí

cuimsithe sóisialta an Rialtais trí nuachtlitir a chur

ar fáil agus eagarthóireacht a dhéanamh air ar an

ábhar cuimsithe shóisialt.

Forbairtí Shuímh Gréasáin

Ceann de phríomhtosaíochtaí an GPS/GIS ná suíomh

gréasáin an Rialtais a fhorbairt atá cairdiúil,

eolasach agus inrochtana. Déantar an suíomh a

nuashonrú go laethúil le fógraí móra an Rialtais

agus le gnéithe polasaí suntasacha as óráidí agus as

na preaseisiúntí. Tá an dáileadh eolais do na meáin

intíre agus idirnáisiúnta ar an ngréasán trí

ríomhphost ag feidhmiú anois.

Uachtaránacht Eorpacha Éireann

Le linn Meithimh 2003 d’eagraigh an GPS/GIS

seoladh an lógó Eorpach d’Éireann. Bhí an GPS/GIS i

gceannas ar fheachtas le feasacht teanga a ardú ar

an Uachtaránacht 2004. Chothaigh sé feachtas

poiblí ar ár ról ceannasaíoch san Eoraip tríd an

bpobal a thabhairt isteach go dearfach ar an

tábhacht agus ar an suntasacht a bhaineann leis an

Uachtaránacht agus ar an tionchar atá aige orainn

uile.

Suíomh Gréasáin Uachtaránacht an AE

I gcomhpháirt leis an Roinn Gnóthaí Eorpacha,

d’oibrigh an GPS/GIS ar fhorbairt shuímh gréasáin

Uachtaránacht an AE. Seoladh beo an suíomh

gréasáin ag deireadh mhí na Nollag 2003, agus

soláthraíonn sé eolas ar gach gné den

Uachtaránacht.

Baill an Rialtais ag Cúirt Emo do chruinniú Rialtais, mí Meán Fómhair, 2003

12

Department of the Taoiseach