strategy statement - Department of Taoiseach
strategy statement - Department of Taoiseach
strategy statement - Department of Taoiseach
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
R-sheirbhísí chomh-aireachta

Faoi láthair tá an Roinn ag forbairt an chéad

shamhail riaracháin r-sheirbhísí chomh-aireachta

chomhtháite dá léithéid sa domhan, a chuirfidh go

mór le héifeachtaí eile agus feabhas a chur ar an

bpróiseas comh-aireachta. Léiríonn an tionscnamh

seo tiomántas an Rialtas a bheith chun tosaigh sa

tsochaí fáisnéise idirnáisiúnta agus le treorú de réir

dea-shampla ag dul leis na teicneolaíochtaí a

dhéanann éifeachtaí nua a sheacadadh agus

seirbhísí nua-fheabhsaithe a chur ar fáil. Úsáidfidh

an córas nua teicneolaíochtaí nuálaíochta le

héifeachtaí a thabhairt isteach sa phróiseas chomhaireachta,

mar shampla trí sheacadadh slán na

bpáipéirí go leictreonach, trí treoir a thabhairt in

ullmhúchán mholtaí an Comh-aireachta, trí eolas

fíor-am a sholáthar ar ábhair a bhaineann leis an

gComh-aireacht agus trí thacaíocht a thabhairt do

na hAirí go díreach ag Bord na Comh-aireachta.

Clár Reachtach an Rialtais

Is í Príomhaire an Rialtais a dhéanann

cathaoirleachta ar Chlár Reachtach an Rialtais. Is é

ról an Choiste ná idirchaidreamh a dhéanamh leis na

Ranna Stáit ar mholtaí reachtacha (cur i ngníomh

treoracha an AE san áireamh) le cinntiú go gcloítear

leis an stádas tosaíochta agus leis na spriocamanna.

Le linn 2003 foilsíodh agus achtaíodh I46 Bille agus

laghdaíodh go mór riaráiste treoracha amuigh an

AE.

Le cois an róil seo atá ag an bPríomhaoire Rialtais

ar Choiste Reachtach an Rialtais, tacaíonn an Roinn

leis an bPríomhaoire Rialtais ina ról ar an gCoiste

maidir le gnáthaimh agus Pribhléidí na Dála, an

Fochoiste ar Inordaitheacht agus an Fochoiste Leasú

Dála.

An Gaol leis an Uachtarán

De réir Airteagail 28.5.20 an Bhunreacht

(‘Coinneoidh an Taoiseach an tUachtáran ar an

eolas go ginearálta faoi ghnéithe a bhaineann le

polasaí intíre agus idirnáisiúnta’), choinnigh oifig an

Taoisigh teagmháil rialta agus caidreamh le hoifig

an Uachtaráin agus cinntíodh gur comhlíonadh

dualgais an Taoisigh de réir an Airteagail 28.5.20.

D’ullmhaigh agus chomhordaigh an Roinn coimre do

chruinnithe rialta an Taoisigh leis an Uachtarán,

chabhraigh sé leis na cuairteanna Stáit thar lear a

reachtáil, chuir sé ábhar plé agus comhairle/eolas ar

fáil don Uachtarán le linn 2003.

Oifig an Ard-Aighne, Oifig An Phríomh-

Aturnae Stáit, Oifig an Stiúrthóra

Ionchúiseamh Poiblí agus an Coimisiún

Athchóirithe

Sa bhliain seo leanadh leis an idirphlé le hOifig an

Ard-Aighne, Oifig An Phríomh-Aturnae Stáit, Oifig an

Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí agus an Coimisiún

Athchóirithe i dtreo cuspóirí a bhaint amach, chomh

maith le comhairle dlíthiúil agus tacaíocht a chur ar

fáil don Rialtas.

Seirbhís preasa an Rialtais/Seirbhís Faisnéise

an Rialtais agus an Aonad Cumarsáide.

Lean Seirbhís Preasa an Rialtais (GPS) agus an

tseirbhís Faisnéise (GIS) orthu seirbhís faisnéise

chuimsitheach a chur ar fáil do na meáin náisiúnta

agus idirnáisiúnta agus don phobal thar ceann an

Rialtais, an Taoisigh, na nAirí Stáit agus na Ranna.

An tSeirbhís a fheabhsú

Léirítear polasaí agus tionscnaimh Rialtais anois i

mbealach níos éifeachtaí agus níos tráthúla do na

meáin chumarsáide. Déanann an GPS/GIS caidreamh

ar bhonn laethúil leis na hOifigí Preasa Ranna.

Chabhraigh na cruinnithe coiscísiúla leis na hOifigí

Preasa cur chuige níos comhordaithe agus níos

dírithe a chothú agus a threisiú ó thaobh eolas

Rialtais a dháileadh ar na meáin.

Cuireann an GPS córas róta timpeall an cloig i

gcrích, rud a chiallaíonn go bhfuil teacht ag na

meáin chumarsáide ar urlabhraí an Rialtais ar bhonn

24 uair an chloig. Tá an GPS/GIS sa chás ar féidir

leo a bheith frithghníomhach agus onnghníomhach

ag an am céanna, agus seirbhís ardchaighdeáin a

sholáthar dá gcustaiméirí.

Faigheann an GPS iarratais ó na meáin agus ón

bpobal le haghaidh eolais faoi ghnéithe éagsúla, ina

theannta iarratais le haghaidh cóipeanna de na

preaseisiúntí agus óráidí ó na Ranna chuí. Leis na

hiarratais seo a éascú chomh éifeachtúil agus is

féidir, tá bunachar sonraí nua leictreonach

cruthaithe ag an GPS, áit a bhfuil na preaseisiúntí

agus na horáidí uile curtha i gcomhad ar mhaithe le

tagairtí agus dáileadh éasca, mar sin ag díbirt an

bonn mór páipéarachais. Ina theannta, cothaíodh

córas cuardaigh leictreonach do na meáin le

haghaidh cláracha ábhartha teilifíse agus raidió le

cinntiú go bhfuil an t-eolas faoi cheisteanna a

phléitear ar fáil láithreach, de réir riachtanais.

Department of the Taoiseach 11